Author: peadar


About peadar

Musician + composer, beekeeper, Interested in culture, environment and spirituality.

Fáiltiú roim lucht Oireachtais go Corcaigh 2005

Alt beag ag fáiltiú roim lucht Oireachtais go Cathair Chorcaighe 2005, - foilsithe san Evening Echo seachtain an Oireachtais


Céad míle fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge go Cathair Chorcaí. Cork people were always proud of their culture whether on the sporting field, writing songs, painting, prancing, dancing or celebrating language, which makes the city a most suitable home for Oireachtas na Gaeilge.

I 1884 bunaíodh Cumann LúthChleas Gael. Sa bhliain 1886 reachtáileadh an céad Oireachtas i mBaile Atha Cliath, bhí lóchrann lasta do chultur ársa uasal na nGaedhal. I 1916, le réabhlóid, fógraíodh Poblacht. Laistigh de achar gearr blianta bhí córas stáit i dtreo againn le Dáil agus Seanad agus úsáideadh an focal Oireachtas don dara uair. Tagann cultúr roim rialtas.

Tá meon neamhspleach dóchasach ag pobal Chorcaí agus tá na tréithe seo préamhaithe in a gcultúr. Is iad na treithe cheadhna a thugann in uachtar iad go minic i gcursaí spóirt is ceol. James Barry thar nais ina dhúthaigh féin.

Fearaimíd Fáilte roimh oilirthigh culthurtha go Corcaigh. B’fhéidir gur suim leo Cúchulainn le camán, Fionn Mac Cumhaill le cluiche fichille, Seanáchan ag seanachaíocht, agallamh nó lúibín nó Amhránaíocht Dúchas na nGael. Le teacht an Oireachtais beid go léir ann.

‘Sé Corcaigh an contae is mó in Éirinn. Laistigh dá chríocha fairsing tá machairí méithe, móinteáin is riascaibh, abhanntractaí is árdshléibhta maorga. Tá siad seo breachaithe le pobail éagsúla lonnaithe in oileáin, bailte is sráidbhailte, gaeltachtaí is breacgaeltachtaí, cathair is cnoic.

Cosúil leis an Róimh atá suite i measg na seacht gcnoc ar bhruachaibh an Tiber, tá Corcaigh féin ag luí go seascair ag bun na gcnoc ar dé-bhruacha fáilteacha na Laoi is í ag sní chun farraige. Ní hé brúidiúlacht fuilteach Ímpireacht na seana Róimhe a cheilliúrann bratacha dearga Chorcaí ach laochas na n’ollamh is na naoimh agus iad ag traochadh dragún Fhionnbarra. Nó b’fhéidir gur seolta allúrach na long iasachta ar dugannaibh is céanna an chalaphoirt a mhúscail an dúil in’s na bratanaibh ioldathach is ioldána a bhíonn le feiscint ag mannair oscionn an tslua Chorcaíoch.

Tá fáilte roimis an taistealaí go Corcaigh. Tá a chionn féin de laetheannata tubaisteach i leathanaigh staire na tire seo fiscithe ag an gContae. Ach ní le mí áth is mí fhortún an áir amháin átá ainm bhaile Cionn tSáile luaite ach le feabhas a cuid bídh is a cócairí. Agus ní le Cionn tSáile amháin an cáil bídh sin – is leis an contae ar fad é. Is iontach iad putóga dubha na duichí sin gan trácht ar cháiseanaibh is cíortha meala, feoil is éiscibh na shlaodaibh aneas go maragaí Bhaile Átha Cliath is na hEorpa ó Chalaphoirt Bhéara.

Agus má tá cultúr an bhídh go tréan sa chontae ní féidir a cháil ó thaobh portair is fuicsí do cheilt ach chomh beag. An ionadh é go mbeadh an t-Oireachtas chomh seascar sásta ar bhrúachaibh na Laoi nuair atá rogha rísiúil chun gloiní do líonadh de dhéantús áitiúil?

Sea, tá agus beidh fáilte roim Oireachtas na Gaeilge go Corcaigh mar thar aon ní eile tá muintir Chorcaí fáilteach, fial, faireálta – beagáinín cainteach b’fhéidir ach ar ndeoin tá na focail go léir acu.

Tá sé ráite i dtaobh muintir Chorcaighe gur dream iad a bhíonn go minic ag maíomh. Ach aon duine atá tar éis an sliocht thuas do léamh tuigfidh said nách fíor sin in aonchor!

Cultúr agus Múscraighe

Alt foilsithe i gclár Comortas Peile na Gaeltachta 2003 a reachtáladh i mBaile Mhuirne.

Tá morán ball ag an gcorp. An láimh, an chos, an croí, na duáin agus mar sin de. Ach níl sa chorp ach ball amháin den nduine iomlán. In éanacht leis tá baill eile ar nós na mothúcháin, an spiorad, creidimh éagsúil, laigí is neartanna agus mar sin de. Cultúr a choiníonn iad seo go léir in éanacht.

Tá an cultúr préamhaithe san pobal ina maireann sí agus tá sí cúmtha de iomlán na mball sa pobal sin agus iad in iomláine a n’éagsúlachta. Tagann an teanga ós na miannta agus dúileanna a bhíonn an pobal sin ag cuir in iúil dá chéile. Ós rud é go ndeirtear linn go bhfuil a cheire oiread focal i bhfoclóir laethiúil an ghaelgeora, seachas an bhéarlóra, is
fuirist a aithint an gá atá acu le teangabháil cruinn agus leathan do bheith eatarthu. Léaraíonn an foclóir sin cad iad príomh suimeanna an phobail atá dá úsáid.

Tá cultúr láidir amhránaíochta is filíochta i Múscraighe mar aon le dúil sa scéalaíocht agus meas ar dheis bhéalaíocht. Ach is daoine rinn iad chomh maith. Agus ós rud é gur macasamhail an cultúr de ghnáth dhéanamh na ndaoine a mhaireann innte tá na tréithe sin le fiscinnt i ngach gnéith eile den gcultúr chomh maith. Cosnaíonn Muintir Mhúsraighe pé rud a bhíonn acu. Dhein Naomh Gobnait é fadó le cabhair a cuid beacha.

Ansan bíonn dornán beag chun tosaigh ag déanamh ceann ródaíocht. A lethéidí Seán Ó Riada le ceol nó Seán Ó Ríordáin le filíocht abair. Ach cuimhnigh ar na céadta is na míllte ceoltóirí is filí atá cuirthe i reilg Ghobnatan le ciannta fada ag cosaint an traidisiún ceol is rinnce, nó éigse is filíochta as ar fuinneadh na ceannródaithe – pé iad féin.

Is féidir é fhiscint ar pháirc an imirthe chomh maith. Is duine de sár chosantóirí na tíre an Múscaíoch Antaine Ó Loinsigh agus is suimiúil an staidéar é a thabhairt faoi ndearadh an meas agus urraim atá aige dá theangan agus cultúr. Tá dúil doimhin ann cosaint do dhéanamh ar rud luachmhar. Tugann seiseann agus a chomrádaithe an achar do cheannródaithe nó tosaithe ar nós Mícheál Ó Cróinín. Ach is baill iad beirt de fhoireann nó pobal iomlán agus nuair atá an foireann nó pobal sin iomlán tá sí láidir agus buacach.

Ach gan aithine acu orthu féin, ar gach ball dá gcorp, idir corp aonarach agus corp forleathan an phobail, ní bheidh an rath orthu. Guím gura fada buan í tréith seo an chosantóra i Múscraighe ionnas go gcosnófar ár gcultúr is ár dteangan agus gur féidir le gach duine dinne, Muintir Mhúscraí, a rá agus sin ar leabaigh ár mbáis, nár liogamair dár gcuram chun an ghlúin atá le teacht, dul i léig.

Foreword for programme of Artists work in Macroom Townhall, August 2009

Don Cronin, Luc Racine, Bob Rasmussen, Úna Ní Shé.

Sníonn eolas tharainn is cnuasaíon eagna le teacht aoise. Measaim féin gur geall le máilín glóthaí, uile-eolas aon pobal - luig ar thaobh amháin agus boilsceóigh giota eile amach chughat. Eolaíocht is ainm don bhfaircéan is mó sna laetheanta seo agus is iad toibreacha sean eagna, i réimse eile an d’aonaí, atá thíos leis go sealadach. Ach tá rudái áirithe ann atá ionann de shíor. Bás, beatha, domhan-tharrac, sruth, agus mar sin de. B’fhéidir go n’átharaíonn ár ndearca ar na nithe seo. Is ar faor na faille seo mar, a n’atharaíonn dearca, is ea oibríonn an ealaíontóir. Ní mór dóibh tuiscint iomlán do bheith acu ar crot, fuirm, is comh-ionnanas, chun múnlú do dhéanamh ar an mbith faoin’ a smacht. Mar sin ní mór don ealaíontóir bheith ina cheardaí oillte len’a chuid amhabhair.

Is baolach gurb anamh caighdeán an taispeántais seo do bheith coitianta inniu. Toisc iad do bheith ina máistrí ar a gceard, tá saoirse iomlán ag na ealaíontóirí seo tabhairt faoi chríocha na samhalaíochta is na cruthaíochta. Tá a gcuid saothar iomlán. Is eiseamlár is dea shampla iad d’aon ealaíontóir óg atá ag brath ar bheith ina saoithe lena n’ealaíon, le imeacht srutha an ama atá romhainn.

As life flows past us we learn into the wisdom of old age. It seems to me that the knowledge capacity in a community is like a bag of jelly – pinch one area and another bulges out. We have a big bulge called science today, that is balanced by the pinched areas of older interests and temporally discarded knowledge.

But some things are constant. We live, we die, gravity, flow, and so on. Our perception of these things may change. It is on that interface, where perceptions are shaped, that artists work. To be able to “see” and “shape” they must understand the nature of elements - the importance of balance, of shape and form. This is why artists must also
be craftsmen with their materials.

The standard of our artists in this exhibition is, alas, rare today as these artists have a control and understanding of their craft, that allows their creativity to roam free and truly creatively. Their work is complete. They are the example for young artists of the future who truly wish to be genuine masters of their field.

Ceol do leanaí scoile

This is a short piece i put together for Leannaí Gael Scoil Uí Riada for their anniversary.  Any mix of instruments can use it and, being a round, it can be extended at will but using the last section to finish off.

Download the pdf here.

 

« Previous PageNext Page »