Home » Scríbhneoireacht / Writing » Cultúr agus Múscraighe

Cultúr agus Múscraighe

Alt foilsithe i gclár Comortas Peile na Gaeltachta 2003 a reachtáladh i mBaile Mhuirne.

Tá morán ball ag an gcorp. An láimh, an chos, an croí, na duáin agus mar sin de. Ach níl sa chorp ach ball amháin den nduine iomlán. In éanacht leis tá baill eile ar nós na mothúcháin, an spiorad, creidimh éagsúil, laigí is neartanna agus mar sin de. Cultúr a choiníonn iad seo go léir in éanacht.

Tá an cultúr préamhaithe san pobal ina maireann sí agus tá sí cúmtha de iomlán na mball sa pobal sin agus iad in iomláine a n’éagsúlachta. Tagann an teanga ós na miannta agus dúileanna a bhíonn an pobal sin ag cuir in iúil dá chéile. Ós rud é go ndeirtear linn go bhfuil a cheire oiread focal i bhfoclóir laethiúil an ghaelgeora, seachas an bhéarlóra, is
fuirist a aithint an gá atá acu le teangabháil cruinn agus leathan do bheith eatarthu. Léaraíonn an foclóir sin cad iad príomh suimeanna an phobail atá dá úsáid.

Tá cultúr láidir amhránaíochta is filíochta i Múscraighe mar aon le dúil sa scéalaíocht agus meas ar dheis bhéalaíocht. Ach is daoine rinn iad chomh maith. Agus ós rud é gur macasamhail an cultúr de ghnáth dhéanamh na ndaoine a mhaireann innte tá na tréithe sin le fiscinnt i ngach gnéith eile den gcultúr chomh maith. Cosnaíonn Muintir Mhúsraighe pé rud a bhíonn acu. Dhein Naomh Gobnait é fadó le cabhair a cuid beacha.

Ansan bíonn dornán beag chun tosaigh ag déanamh ceann ródaíocht. A lethéidí Seán Ó Riada le ceol nó Seán Ó Ríordáin le filíocht abair. Ach cuimhnigh ar na céadta is na míllte ceoltóirí is filí atá cuirthe i reilg Ghobnatan le ciannta fada ag cosaint an traidisiún ceol is rinnce, nó éigse is filíochta as ar fuinneadh na ceannródaithe – pé iad féin.

Is féidir é fhiscint ar pháirc an imirthe chomh maith. Is duine de sár chosantóirí na tíre an Múscaíoch Antaine Ó Loinsigh agus is suimiúil an staidéar é a thabhairt faoi ndearadh an meas agus urraim atá aige dá theangan agus cultúr. Tá dúil doimhin ann cosaint do dhéanamh ar rud luachmhar. Tugann seiseann agus a chomrádaithe an achar do cheannródaithe nó tosaithe ar nós Mícheál Ó Cróinín. Ach is baill iad beirt de fhoireann nó pobal iomlán agus nuair atá an foireann nó pobal sin iomlán tá sí láidir agus buacach.

Ach gan aithine acu orthu féin, ar gach ball dá gcorp, idir corp aonarach agus corp forleathan an phobail, ní bheidh an rath orthu. Guím gura fada buan í tréith seo an chosantóra i Múscraighe ionnas go gcosnófar ár gcultúr is ár dteangan agus gur féidir le gach duine dinne, Muintir Mhúscraí, a rá agus sin ar leabaigh ár mbáis, nár liogamair dár gcuram chun an ghlúin atá le teacht, dul i léig.

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.