Home » Scríbhneoireacht / Writing » Fáiltiú roim lucht Oireachtais go Corcaigh 2005

Fáiltiú roim lucht Oireachtais go Corcaigh 2005

Alt beag ag fáiltiú roim lucht Oireachtais go Cathair Chorcaighe 2005, - foilsithe san Evening Echo seachtain an Oireachtais


Céad míle fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge go Cathair Chorcaí. Cork people were always proud of their culture whether on the sporting field, writing songs, painting, prancing, dancing or celebrating language, which makes the city a most suitable home for Oireachtas na Gaeilge.

I 1884 bunaíodh Cumann LúthChleas Gael. Sa bhliain 1886 reachtáileadh an céad Oireachtas i mBaile Atha Cliath, bhí lóchrann lasta do chultur ársa uasal na nGaedhal. I 1916, le réabhlóid, fógraíodh Poblacht. Laistigh de achar gearr blianta bhí córas stáit i dtreo againn le Dáil agus Seanad agus úsáideadh an focal Oireachtas don dara uair. Tagann cultúr roim rialtas.

Tá meon neamhspleach dóchasach ag pobal Chorcaí agus tá na tréithe seo préamhaithe in a gcultúr. Is iad na treithe cheadhna a thugann in uachtar iad go minic i gcursaí spóirt is ceol. James Barry thar nais ina dhúthaigh féin.

Fearaimíd Fáilte roimh oilirthigh culthurtha go Corcaigh. B’fhéidir gur suim leo Cúchulainn le camán, Fionn Mac Cumhaill le cluiche fichille, Seanáchan ag seanachaíocht, agallamh nó lúibín nó Amhránaíocht Dúchas na nGael. Le teacht an Oireachtais beid go léir ann.

‘Sé Corcaigh an contae is mó in Éirinn. Laistigh dá chríocha fairsing tá machairí méithe, móinteáin is riascaibh, abhanntractaí is árdshléibhta maorga. Tá siad seo breachaithe le pobail éagsúla lonnaithe in oileáin, bailte is sráidbhailte, gaeltachtaí is breacgaeltachtaí, cathair is cnoic.

Cosúil leis an Róimh atá suite i measg na seacht gcnoc ar bhruachaibh an Tiber, tá Corcaigh féin ag luí go seascair ag bun na gcnoc ar dé-bhruacha fáilteacha na Laoi is í ag sní chun farraige. Ní hé brúidiúlacht fuilteach Ímpireacht na seana Róimhe a cheilliúrann bratacha dearga Chorcaí ach laochas na n’ollamh is na naoimh agus iad ag traochadh dragún Fhionnbarra. Nó b’fhéidir gur seolta allúrach na long iasachta ar dugannaibh is céanna an chalaphoirt a mhúscail an dúil in’s na bratanaibh ioldathach is ioldána a bhíonn le feiscint ag mannair oscionn an tslua Chorcaíoch.

Tá fáilte roimis an taistealaí go Corcaigh. Tá a chionn féin de laetheannata tubaisteach i leathanaigh staire na tire seo fiscithe ag an gContae. Ach ní le mí áth is mí fhortún an áir amháin átá ainm bhaile Cionn tSáile luaite ach le feabhas a cuid bídh is a cócairí. Agus ní le Cionn tSáile amháin an cáil bídh sin – is leis an contae ar fad é. Is iontach iad putóga dubha na duichí sin gan trácht ar cháiseanaibh is cíortha meala, feoil is éiscibh na shlaodaibh aneas go maragaí Bhaile Átha Cliath is na hEorpa ó Chalaphoirt Bhéara.

Agus má tá cultúr an bhídh go tréan sa chontae ní féidir a cháil ó thaobh portair is fuicsí do cheilt ach chomh beag. An ionadh é go mbeadh an t-Oireachtas chomh seascar sásta ar bhrúachaibh na Laoi nuair atá rogha rísiúil chun gloiní do líonadh de dhéantús áitiúil?

Sea, tá agus beidh fáilte roim Oireachtas na Gaeilge go Corcaigh mar thar aon ní eile tá muintir Chorcaí fáilteach, fial, faireálta – beagáinín cainteach b’fhéidir ach ar ndeoin tá na focail go léir acu.

Tá sé ráite i dtaobh muintir Chorcaighe gur dream iad a bhíonn go minic ag maíomh. Ach aon duine atá tar éis an sliocht thuas do léamh tuigfidh said nách fíor sin in aonchor!

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.