Author: peadar


About peadar

Musician + composer, beekeeper, Interested in culture, environment and spirituality.

Muiris Ó Rócháin



Meala mór imeacht ár laoch Muiris ó Rócháin.  Flaith fileata, flaithiúil le fiúndas fior.  Taoiseach tigheasach teagabhail treoiriúil.  Muinteoir mánla  muinteartha,  Gael gealgáireach groíúil geanamhail is Duibhneach dearfach deisbhéalach dea-mhúinte.   Gabhaim buíochas le Dia é bheith agam mar chara le oscionn dachad bliain agus géilim le gonna géar, an cuid sin dem' chroí mar a raibh sealúchas aige.   Chun críocha neimhe é anois - Beannacht Dé leis.

Today i mourne for the loss of our hero Muiris  Rocháin. With a deep understanding of his people, their culture and history, he was good, genereous and gentle.  He was a teacher, a communicator, a director of people, a visionary in the vale of our culture, a family man and husband, a farmer, a forceful advocate and friend to many in Irish music and language circles, a favorite in Scottish lands where Scottish culture was to the fore.  He was well read, appreciative of art and constant assistant to many voluntary, movements in matters cultural in Ireland.  He voluntarily served his time on boards, advisory bodies and community organizations.   He traveled the world in search of knowledge and understanding of the human condition. I reluctantly surrender that part of my heart in which he inhabited as he passes from our existence the next plain nearer to the Godhead, He is in Paradise today.  I give thanks to God for having had the privilege of calling him friend for the last 40 years.

Cuireadh chun Ceoil 14/10/2011



Clár 608 

Clár ar leith faoi cheol,a special programe to mark music week tonight Listings for 608 downloaded  here 

Prog. available  online RnaG here.

 

 

 

 

Cuireadh chun Ceoil Radio Show 7/10/2011

 


Clár 607 

tá 4 cd nua anocht-4 new cds, Must get the word out niw about the Sean ó Riada gold medal comp for flute/whistle. Listings for 607 downloaded  here 

Prog. available  online RnaG here.

(more…)

Cúpla focal chun Seán Ó Sé a chuir in aithne Oireachtas na Gaeilge 2011

Cúpla focal chun Seán Ó Sé a chuir in aithne don tslógh ag Oireachtas na Gaeilge 2011 ar ócáid Craoibhe Corn Uí Riada le RnaG i gCill Áírne.


A uaislibh is a ghaelibh is a cháirde an tsaoghail seo.

Fearaim roimhaimh barántas ag cruinniú seo Éigse.

Faoi fear fiar flaithiúil, fíor gheannamhail béasach.

Caithfear é d’aithint ‘na Laoch imeasc laochraibh.

 

Fear fuinneamhal fileata ag fleadh nó ag féasta.

Fear múinte, fear mánla, meacanta mór-thréafach.

Míorúil a ghrástaíbh imeasc d’fháscar nó éirlinn.

Mo chara, mo bhráthair, mo thaca, mo réiteach.

 

Níl lon ar an gcraoibh nó cuach i mbun glaoite,

Níl fiseog sa spéir ghorm le ceol ar an Réadhchnoc,

Nil smólach nó tréannach nó crotach ag scréachaigh,

Le fonn chomh ceolmhar, chomh taithneamhach séimh bínn.

 

Níl Seannachaí le eachtraí lán-éachtach fíor chuíthigh,

Le greann, le fonn le meafair míorúileach, míchuíosaigh.

Gach scéal leis dá aithiris le rithim is abairtí dheas-ínnste.

Gach lúb agus casadh go péarlach triopalach ríomhtha.

 

Níl a sharú mar mhúinteoir, sé togha an locht léinn é.

Gach ceacht leis oiriúnach do dhalthaí ar fuaid Éireann.

Ina dhraoi nó mar saoi, ‘na thaoiseach nó Éarlamh

Gach rang aige ag suí, ag sú eagna le tréann-éisteacht.

 

Síolraíodh an laoch seo de threabh uasal Séadhach

O Chúm Thóla na ngriann-chnoc i Leithinis Bhéara,

Is ná dearmad Cúil Aodha le pór bhárdaibh is éigse,

Nuair thagaid le chéile sin Orpheas ‘Náisiún Ghaeligh

 

Seán Ó Sé, a dhaoine uaisle, is ainm don tréann fhear

Is cuirídh roimis fáilte le grádh is gach dea-mhéinne

Is impím ar Mhuire, ar Fhionnbarra, is Gobnait Naofa

É chaomnú ‘nár bhfochair, gurb fada buan a thréimhse.

Peadar Ó Riada 5ú Samhain 2011

« Previous PageNext Page »