Home » Uncategorized » Siopa, Uncategorized » Máire Ní Chéilleachair

Máire Ní Chéilleachair

“Guth ar fán”.



 

 

 

 

 

Price: 15.00


 

Máire Ní Chéilleachair

mnich@eircom.net



Is as an bhFearann i gCo Chorcaí do Mháire agus is as Cill na Martra i Múscraí dá muintir. Dob í Máire céad stiúrthóir “Aisling Gheal” – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – agus tá blianta caite aici i

mbun ranganna amhránaíochta do aos óg Mhúscraí. Is ball í de Acadamh Fódha i Múscraí.Tá mórán duaiseanna bainte amach aici ag comórtaisí sean-nóis an Oireachtais le blianta anuas agus is minic í páirteach i bhféilte ceoil agus amhránaíochta ar fud na tíre agus thar lear sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe .

 

CD dá cuid amhrán as Béarla agus as Gaeilge –

“Guth ar fán”.

Ceardlanna

Is minic Máire i mbun ceardlanna amhránaíochta do dhéagoirí agus do dhaoine fásta ar fud na tíre as Gaeilge nó as Béarla , cuir i gcás ag Fleadhanna ceoil, ag Féile Amhránaíochta Chorcaí, ag féile Masters of Tradition i mBeanntraí, ag féile ceoil i Tocane sa Fhrainc srl.

 

Coirmeacha ceoil

Is minic í ag amhránaíocht chomh maith ag féilte éagsúla, cuir i gcás ag Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha, ag féile amhránaíochta Inis Eoghain 2010, ag féile Masters of Tradition i mBeanntraí  2008, 2009, agus 2010, ag Comóradh an Mháistir i gCorca Dhuibhne 2010, ag Cork International Choral Festival 2008, 2009,2010,srl.

 

Raidió agus Teilifís

Bíonn Máire le cloisteáil ag amhránaíocht go minic ar Raidió na Gaeltachta.

 

Glacann sí páirt i gcláracha éagsúla ar TG4, cuir i gcás Amhráin is Ansa Liom, Abair Amhrán, Geantraí  srl..

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!
Tags:

Comments are closed.