Home » Scríbhneoireacht / Writing » I gcuimhne ar Dhónal Ó Liatháin

I gcuimhne ar Dhónal Ó Liatháin

Seod caillte.

Do chaileas rud éigin le déanaí
Seod bo dhlúth chuid dem’ chroí
É riamh ‘gam, mar aingil im’ chuideacht
Bhí sé mar lóchrann tacaí mo shaoghail.

Nuair a bhíodh liom i gcuideachtain daoinibh,
Ghealladh a ghnaoithe le loisne dea ghuí
Bhíodh solas is gliondar ‘nár dtímpeal
Bhí aoibhneas is meidhir is gáirí.

Nuair a bhím i mbun cumadh m’ealaíona,
Is na línnte ceoil aileasta dá shníomh.
Mé ag cuardach spleanc diamhar nó bríomhar
Do théinn chun an seod-sholas len’ é riamh

Is ait mar ar chaileas é in aonchor
Níor thugas faoi ndearadh i n’imeacht uaim
A  ghathanna solais ag lagú is ag éalú.
Go h-ionad éigin eile gan ghruaim

Gabhaim buíochas le  Tiarna na Glóire
An seod seo do sheol chugham le dachad bliain
Dhein éadtrom m’anachainn is bhain brón díom
Is a thaisteal comhgaireacha cruthaíoch ár mbrí.

Ach tá sé ina luí ins an Chill anois.
An seod sin atá imithe Neamhaí
B’é Dónal Ó Liatháin an bhéil bhinn
Ár ndraoi, ár mbárd is ár saoi.

Ceangal

Ach má tá an máistir imithe,
Má tá ár bhfile ar Neamh na bhfilí
Is é iomlán ár dtreimhe a shníomhfaigh
An file eile a líonfaigh folús san ár ndraoi

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.