Home » Scríbhneoireacht / Writing » Ach go h-áirithe

Ach go h-áirithe

“Ach go h-áirithe” Freagra ceist na Dáimhe 2007
(mar mhagadh ar nath cainnte a úsáidtear ar RnaG, staisún Bhaile na nGall)

A chléirigh chliste na gcótaí trom, ach go háirithe
D’fhiosaíos do cheist in am, ach go háirithe,
Ach mo lean agus m’atuirse,
Nár chaileas mo pháipéar breacaithe
Le h-eolas cruinn is freagra bínn, ach go háirithe.

Thugas faoi ndearadh lena linn, ach go háirithe.
Tú ag cur na ceiste le leath chéad bliain, ach go háirithe,
Is deabhamaise go láidir tréan
Go bhfuil buaite ar fad agat féin
Is gurab fada buan do réim, ach go háirithe,

Ach a leithéid seo do scéal, ach go háirithe,
Ár ngrádh is gcionn in aidh réidh, ach go háirithe,
I ‘ndiaidh, Dhónal, Mhíchéal, is Cáit,
Con, Máire, Máirtín, is Blaithín
Is mórán eile d’imigh uainn le bliain, ach go háirithe, Beannacht Dé leo uile

Ach i dtaoibh ceist cruaigh na bliana seo, ach go háirithe,
Geobhair fuíolach eile togha freagraí, ach go háirithe,
Beidh cuid acu go maith,
I dtaoibh ciall is maoin is rath,
Is roinnt ráiméis is foth bhréag-chath, ach go háirithe,

Ach ar an Luain buail fút ar chathaoir ceart, ach go háirithe,
Nuair a bheidh an fúdar seo go léir thart, ach go háirithe,
Cuir ar siubhal an raidéó
Beidh do cheist dá chioradh ar gach seó
Is aireoir na focail seo ó RnaG beó, ach go háirithe,

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.