Home » Scríbhneoireacht / Writing » Atheasc ag uaigh an Athair Donnachadha

Atheasc ag uaigh an Athair Donnachadha

A fhearaibh is a mhnátha is a Uaislibh Gaeil, tá scamall cumha is brón ar dhúthaigh Laichtín, Abán is Gobnait Naofa inniu. Tá sagart, laoch, draoi is cara imithe i gcré na cille ansa. Duine uasal, flathúil, fearúil, Duine diaganta, dearafa, dáiriribh, Duine cráibhtheach, cróga croíúil. Fear nár ghéill in am an anaithe agus a gháir le gliondar i dtráth na fleidhe. Fear do bhí chomh daona linn féin.


Do bhí sé de bhua agatsa a Dhonnachadha Uí Chonchúir go bhfeadfaí comhrac do dhéanamh leat ar son cúise agus ’na dhiaidh sin do ghabhail amach leat chun comhluadair is spóirt. Thuigis cad ba bhrí le daonacht, le trioblóidí an gnáth dhuine, le tubaist is curam, le cleamhnas is le tógáil claine - thuigis na nithe seo mar do mhairis inár measc mar bhall dár dtreabh.

Ba thapaigh chun gníomh thú mar a mbeadh aon cumann nó eagraíocht ina raibh obair le déanamh ar son na daoine. Bo mhór do chuid fuinnimh ar son Luthchleasaíocht, oideachas, gnótha is cumarsáid. Tharais seo fós ní raibh do sharú le fáil le cosaint is caomhnaithe na teangan agus an chultúir. I 1963 ba tú do bhunaigh Cóir Cúil Aodha le do dhlúth cara Sean O Riada. Bo sibhse bo chúis le gaisce na duthaighe seo nuair a canfadh an t-Aifrean i teanga an phobail sa tír seo don chéad uair le míle bliain. Bo i ngaoluinn a déanadh an éacht sin. Tá d’ainm sna laoitheabh staire dá dheascaibh.

Thar aon nídhe eile ba sagart tú. Sagart den scoth. Sagart a chreid go h-iomlán i nDia. Sagart a bhí pósta leis an Eaglais- céile a thug dothain cúis bróin duit ar uaireantaibh ach bhí uaireannta suilt chomh maith. Sagart tú go bhfeadfadh an gnáth dhuine brath ort. Do bhís ann i gcónai in am na trioblóide agus an ghátair. Iomarca uaireantaibh do bhís ar thaobh bóthair ag fuascailt anamacha le h-olla dhéanadha an bháis. Mo mhairg gur ar an gcumadh céanna a sciob an stracaire bás tú. Ach narbh sin fós teastas eile ar do dhaonacht agus do bhráthaireachas led mhuintir. Tá duthaigh Mhúscaighe is Duibhneach faoi chumhadh inniu. Tá treabh Eoghan Rua, Máire Bhuí is Aodhgán ag scarúint leat a chomrádaí ach mionnaim duit go mairfidh do cháil faid a mhairimíd beo. Mar a dubhairt Aodhgán O Rathaile:

Cabhair ní ghoirfead go gcuirtear me i gcruinn-chomhrainn Dar an Leabhar dá ngoirinn níor ghoiride an nídh sin dhamh-sa Ar gcodhnach uile, glacchumasach shíl Eogain Is tollta a chuisle agus d’imthigh a bhrigh ar feochadh.

Do thonnchrith m’inchinn, d’imthigh mo phríomhdhóchas, Poll im ionathar, biorrannaibh trím dhrólainn, Ar bhfonn, ar bhfoithin, ar monga ’s ar míonchomhgair, I ngeall le pingin ag fuirinn ó chrích Dhóbher.

Do bhodhar an tSionainn, an Life, is an Laoi cheolmhar, Abhainn an bhiorra dhuibh, Brice agus Brighid, Bóinne, Com Loch Dirg ‘n-a ruide, agus Tuinn Tóime, Ó lom an cuireata cluiche ar an rígh coróineach.

Mo ghlam is minic is silim-se sírdheora Is trom mo thubaist, ’s is duine me ar míochomhthrom; Fonn ní thigeann im ghoire is mé ag caoi ar bhóithribh, Acht foghar na muice nach gointear le saigheadóireacht.

Goll na Rinne, na Cille, agus críche Eoghanacht Do lom a ghoile le huireasbhaidh ar díth córa An seabhac ’g a bhfuilid sin uile is a gcíosóireacht, Fabhar ní thugann don duine, cé gaol dó-san..

Fá’n dtromlot d’imthigh ar chineadh na ríogh mórdha, Treabhann óm uiseannaibh uisce go scímghlórach Is lonnmhar chuirid mo shruithibh-se foinseoga, ’S an abhainn do shileas ó Thruipill go caoin-Eochaill.

Stadfad-sa feasta, is gar dom éag gan maill Ó treascradh dreagain Leamhan, Léin, is Laoi; Rachad-sa a haithle searc na laoch don chill, Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost..

Cád slán chun na siorraíochta leat a Athair Dhonnachadha Uí Choncubhair.

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.