Home » Scríbhneoireacht / Writing » An t-Amhrain Macarónach

An t-Amhrain Macarónach

Mír beag do chlár Féile Fleadh Cheoil Chorcaighe 2009 a tionnóladh i mBaile an Chollaigh.


Ciallaíon an focal Macarónach meascán teangan in úsáid foclóra, bíodh sé i bhfuirm amhrán nó fiú i gcur le chéile focail iad féin. Tagann an focal ón laidin. Gan dabht, b’í an laidin an teanga oifigiúil comónta ag an eaglais san Eoraip ós na mean aoiseanna i leith agus bhíodh abhair magaidh ag gnáth dhaoine ag liogaint orthu go raibh sí acu. Bhíodh an téárma ‘bog latin’ comónta mar a measctaí fuaimeanna na laidine leis an teangan bhéarla. Ach tárlaíonn measca teangan mar sin in aon dúthaigh mar a mbíonn dhá theanga difriúil dá labhairt, go háirithe má tá teanga na nÚdarás éágsúil le teangan an gnáth phobail áitreabhach.

Mar sin tá cainnt agus úsáid macarónach forleathan ar fuaid an domhain. Tá sé coitiannta abair i gCeanada le fraincís agus béarla ag measca le chéile. Ansa i nÉirinn, is í an Ghaoluinn agus an bhéarla atá i gcleamhnais len’ a chéile. Tuigimídne amhráin is dánta leis an téarma ansa. Tá cúpla saghas amhrán macarónach éagsúil ansa. Tá cuid acu ann atá dhá theangach ar mhaithe le tuiscinnt an amhráin do bheith ar fáil don chuid sin den lucht éisteachta a bhí ar bheagán gaoluinne. Tá siad le fáil go coitiannta i ngaeltachtaí bheaga nó ar imeall gaeltachtaí. Bíonn gach rith bhéarsa i
ngaoluinn agus i mbéarla. Is aistriú ar an bhéarsa gaoluinne, an bhéarsa i mbéarla. Samplaí de seo is “Bruach na Carraige Báinne” nó “Táim cortha do bheith im’ aonar ag luí”, dhá amhrán ó dhúthaigh Mhúscraighe ansa.

Tá saghas eile ansan mar a bhfuil measca cothrom idir an dá theanga síos trí’s na bhéarsa amach agus iad ag innsint an scéil céanna. Sampla dhe seo is sea abair an “My Pup came home from Claodach” ó Mhúscraighe nó an t-amhrán comónta “An madairín Rua”. D’fhéadfadh go mbeadh dhá linne nó trí de bhéarsa bheith i mbéarla agus an iompáil nó dara cuid den bhéarsa, i ngaoluinn mar atá sa “Pup came home from claodach” nó gach rith bhéarsa nó/ is curfá san da theanga mar atá agat leis an madairín Rua.

Ach tá saghas eile ann ansan mar a bhfuil brí éagsúil ar fad ag na línnte i ngaoluinn seachas na línnte i mbéarla. Sa tslí sin mheasfadh an béarlóir gur amhrán i dtaoibh abhair áirithe a bhéadh ann agus is amhlaigh a bhéadh an t-amhrán ag cur síos ar malairt iomlán scéil trí ghaoluinn. Bo mhinic é seo úsáidthe ag an gcos mhuintir mar abhar réabhlóide nó eirí amach nó is minic leis, gur mar abhar magaidh é. Samplaí don tsaghas seo amhráin is ea “I am a young Fellow who ran out of land and means”

Tá roinnt eile fós mar a bhfuil dhá amhrán atá curtha leis an bhfuaim céanna agus b’fhéidir ar an abhar céanna ach nách aistriúchán díreach iad ar a chéile. Cantar a leithéid go minic ar mhaithe leis an lucht éisteachta. Chuirfinn an t-amhrán “Seán Ó Duibhir an Ghleanna” /“After Aughriim’s great disaster”, san áireamh sin.

Ach mar dubhart cheanna féin, ní nós Éirinneach amháin an t-amhrán macarónach agus táid le fáil ar fuaid an domhain. An gnéith is tabhachtaí a bhainean leo, dar liomsa, is ea go gcoimeadan said teanga na gaoluinne beo imeasc pobail a bheadh a’ scaoileadh na teangan ar leataoibh murach iad. Cé nách bhfuilid ionchurtha le amhrán mór sean-nóis, is cuid dár n’oidhreacht iad mar sin féin agus is mó sealad sódhach, pléasúrtha a thugadar domsa agus mo chomhluadar i gcaitheamh mo shaoghail.

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.