Port na bPúcaí

PortnabPucaicdcover 
Price: 15.00
 Ar an albam seo cloistear an Riadach féin i mbun ceoil le linn a cheolchoirm taifeadtha deireannach i mí Bealtaine 1971, cúig mhí roimh a bhás anaibí in aois 40 bliain. Cloistear rianta eile a taifeadadh i mí Márta 1971 agus cinn eile fós ón mbliain 1966. Ábhar é seo nár chualathas cheana!
Cruthaíonn an Riadach ceo meala …agus é ag seinm a chuid cóiriúchán féin d’fhoinn mhóra ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.

Ar an albam aoibhinn seo cloistear Seán Ó Riada ag seinm leithéidí: Do Bhí Bean Uasal, Carraig Donn agus Sliabh na mBan, chomh maith le foinn a chuir an Riadach féin os comhair an phobail den chéad uair: Aisling Gheal, Port na bPúcaí agus Cois an Ghaorthaigh.

Ina theannta sin, cloistear sraith de ghearrphíosaí ceoil a bhfuil téama an tírghrá mar shnaidhm eatarthu. Mar mhír spéisiúil sa bhreis, cloistear an Riadach ag aithris scéal seanchais. Ar leabhrán 12 leathanach tugtar cúlra na bpíosaí ceoil.

Is mór mar a chuireann an t-albam seo le clár saothar an Riadaigh. Seo an cnuasach is mó dá dá bhfuil ann agus ceol aonair á sheinm aige - cnuasach eisiach den mháistir é féin ag seinm na bpíosaí ab ansa leis.

Bhí ról lárnach ag Seán Ó Riada maidir le ceol traidisiúnta na hÉireanna a chur chun cinn san aois seo caite. Trína chuid ceoil do na scannáin Mise Éire agus Saoirse?, rinne sé spiorad mhuintir na hÉireann a athbheochan agus, lena ghrúpa Ceoltóirí Chualann, rinne sé claochló ar conas mar a chuirtear an ceol i láthair an phobail.