An Móinfhéar Garbh

 

moinfeheargarbh1

 

Price: 15.00


An Móinfhéar Garbh.




Amhráin ó Mhúscraí Uí Fhloinn



Le Dámh Amhránaíochta


Acadamh Fódhla.



1 An Clár Bog Déil                             Máire Ní Chéilleachair            5.24

2 An Leastar Beag                               Eilís Ní Shúilleabháin              3.58

3 Faiche Bhreá Aerach an Cheoil        Seosaimhín Uí Chuilleanáin    5.11

4 Gaortha an Leasa                             Máire Ní Cheocháin                2.10

5 Cuisle Mo Chroí                              Máiréad Uí Uidhir                  6.16

6 Na Táilliúirí                                      Eibhlís Uí Thuama                  3.41

7 An Gamhain Geal Bán                     Gobnait Ní Chrualaoi              7.34

8 Bean Dubh a’ Ghleanna                   Ger Wolfe                               1.17

9 A’ Raibh tú ar a’ gCarraig?              Brenda Ní Ríordáin                 5.01

10 Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin    Máire Ní Chéilleachair            3.01

11 Baile Mhúirne                                Peadar Ó Riada                       5.25

12 Amhrán na Spideoige                     Eilís Ní Shúilleabháin              3.38

13 Tom Toozick                                 Seosaimhín Uí Chuilleanáin    4.39

14 An Poirtín                                      Seosamh Ó Críodáin               2.55

15 Bríde Ní Scannláin                         Gobnait Ní Chrualaoi              3.34

16 Druimín                                          Pádraig Mac Cárthaigh            4.53

17 A Mháire Ní Laoire                       Eilís Ní Thuama                      7.29

AC Fódhla  004.


 

 

Máire Ní  Chéilleachair:

Tógadh Máire ar an bhFearann i gCo. Chorcaí, agus is ó Chill na Martra dá muintir. Dob í an chéad stiúrthóir ar ‘Aisling Gheal’- Scéim forbartha Amhránaíochta Mhúscraí.- agus tá blianta caite aici i mbun ranganna d’aos óg Mhúscraí. Tá mórán duaiseanna bainte aici ag comórtaisí Oireachtais agus Fleadhanna Ceoil, agus bronnadh gradam Shean Nós cois Life 2013 uirthi.le gairid.

1 An Clár Bog Déil :

Bhailigh A.M. Freeman an leagan seo den amhrán ó Conny Coughlan , Doire na Sagart, timpeall na bliana 1914. Foillsiodh é sa ‘Journal of the Folksong Society’i 1921. Tá cosúlachtaí idir é féin agus an gnáth leagan Muimhneach ó thaobh na bhfocal de ach an fonn a bheith éagsúil ar fad..

10 Cruach Dhómhnaill Uí Ríordáin:

Pead Buí Ó Loingsigh a chum an t-amhrán seo nuair a dódh cruach mhóna Dhomhnaill Uí Ríordáin. Chonaic duine éigin fear darbh ainm Domhnall Eoin ag lasadh na tine , rud a tharraing raic mór idir  chomharsain.  B’é Mícheál Ó  Luasa, Inse Mhór, grásta ó Dhia air, a chuala á rá don chéad uair.


Eilís Ní Shúilleabháin:

Duine de theaghlach amhránaithe ó Chúil Aodha is ea Eilís. D’fhoghlaim sí a cuid amhrán óna h-athair  -Maidhcí- agus ó amhránaithe aitheanta eile ar nós Dhiarmuid Uí Ríordáin agus Phádraig Uí Thuama. Múineann sí amhránaíocht ar an sean nós in Ollscoil Chorcaí, agus tá sí ar dhuine de mhúinteoirí  scéim Aisling Gheal, ag muineadh na n-amhrán traidisiúnta áitiúla  i scoileanna na paróiste ó 2003 i leith.

2 Mo Leastar Beag :

Fuaras an t-amhrán seo ó bhailiúchán Bhean Uí Chróinín – Bess Cronin . Tá fonn neamh-choitianta leis, agus luas deas rithimiúil fé. Ní fios cé a chum é. Samhlaím os na logainmneacha atá luaite ann gur ó Chiarraí a tháinig sé ar dtúis, ach tá cúpla leagan de ar fáil i Múscraí chomh maith.

12 Amhrán na Spideoige :

D’fhoghlamaíos focail an amhráin seo – a chum Amhlaoibh Ó Loingsigh – mar dhán i scoil Bharr d’Inse tamall maith de bhlianta ó shin. Le déanaí bhíos ag féachaint tré leabhar de chuid an Ath. Breathnach, agus thánag  trasna ar fhonn a mheasas a bheith oiriúnach dos na focail. Dar leis an Ath. Breathnach gur ó Bhaile Mhúirne a tháinig sé. Chuireas fonn agus focail le chéile, agus táim á gcanadh ó shin..

      

Seosaimhín Uí Chuilleanáin.:

Rugadh agus tógadh  Seosaimhín Uí Chuilleanáin i mBaile Mhúirne. Is gariníon í le Bess Cronin. Cónaíonn sí féin agus a teaghlach  sa ‘Phlantation’ I mBaile Mhic Íre, sa tigh céanna inar mhair a seanmháthair tar éis pósta di. Cosúil lena deirféaracha, tá stór maith d’amhráin Bess ag Seosaimhín, agus cloistear í á gcanadh i gcomórtaisí, go háirithe  le linn an Oireachtais, agus ar choirmeacha ceoil agus ócáidí eile

3      Faiche Bhreá Aerach an Cheoil:

San  amhrán seo, molann an file áilleacht a bhaile dhúchais, Cinn Eich [Kinneigh] láimh le Droichead na Banndan i gCo.Chorcaí. Ní hamháin, dar leis, go bhfuil áilleacht thar an gcoitiantacht ag baint leis an  áit, ach go bhfuil leigheas ar phianta coirp agus anama le fáil ann d’éinne a thagann á lorg. Bhailigh Séamus Ennis agus Diane Hamilton leaganacha den amhrán seo óm sheanmháthair, Bess Cronin.

 13 Tom Toozick :

Is maith liom an tamhrán seo toisc go bhfuil sé deas éadrom rithimiúil. Amhrán ólacháin isea é, ina ndeineann ‘Tom Toozick’ cur síos ar a chuid eachtraí i dtigh an tábhairne, mar a gcaitheann sé furmhór gach pingin dá phá. Ar deireadh tagann ciall chuige, agus deineann sé suas a aigne éirí as an ragairne. Iarann sé maithiúnas ar Dhia as a dhroch iompar i rith a shaoil. Bhailigh A.M. Freeman leagan den amhrán seo i mBaile Mhúirne i 1914. Dhein Séamus Ennis taifead air don BBC óm’ sheanmháthair, Bess Cronin I 1947.



Máire Ní Cheocháin:

Rugadh agus tógadh Máire Ní Cheocháin ar Cúil Aodha, an t-aon duine clainne a bhí ar Dhónal Ó Ceocháin agus a bhean, Caitlín.Thosnaigh sí go hóg ag foghlaim amhráin Mhúscraí os na comharsain ag a raibh stór mór d'amhráin áitiúla. Cháiligh sí mar phoiticéir agus thug tamall de bhlianta ag obair ar an gCoireán mar ar bhailigh sí amhráin ó Uíbh Ráthach. Ar phósadh di, d'aistrigh sí go Baile an Chollaigh, mar a bhfuil aithne foirleathan uirthi mar shaineolaí  ar cheol, amhráin agus teanga na Gaoluinne. Is ó Mhuiris Ó Conaill,  Uíbh Ráthach, a phioc sí suas an t-amhrán atá a chanadh anseo aici

4      Gaortha an Leasa.

Sa bhliain 1959 agus mé fostaithe ar an gCoireán chuala an t-amhrán á chanadh ag Muiris Ó Conaill ón gCillín Liath i gceantar Uíbh Ráthaigh. Chuaigh an ceol agus na focail i bhfeidhm orm. agus is fonnmhar a scaoil Muiris an t-amhrán chugam lena thaifead. Cur síos ar spéirbhean gurb í Éire í atá i gceist. Tá ana chur síos ar an dúlradh agus mar chríoch, tagairt do Chlár Uí Chuinn ag filleadh ar bharr a réime agus deireadh leis an gcruatan agus an cos ar bolg.

 

Máiréad Uí Uidhir:

Gariníon leis an amhránaí cáiliúil, Bess Cronin, isea Máiréad. Tá sí mar bhall de Chór Ban Cúil Aodha agus d’Acadamh Fódhla. Cé go raibh Bess tar éis bháis sular rugadh í, tá cuid mhaith d’amhráin a seanmháthar aici, agus is minic í á gcanadh ar árdán i dteannta a deirféaracha.

5      Cuisle mo Chroí.

Is óm’ sheanmháthair , Bess Cronin a fuaras an t-amhrán seo. ‘Do thugas Grá Cléibh Duit’ an teideal a bhí aici siúd air. Inseann an t-amhrán  scéal óigfhir ar theastaigh uaidh cailín a mhealladh. Gheall sé saibhreas an tsaoil dí, ach bhí amhras ar a máthair fé, mar go raibh droch theist faighte aici air. Níor thóg se ró-fhada ar an gcailín a fháil amach go raibh fírinne ins na scéalta a bhi cloiste ag a Mamaí!

 

Eibhlís Uí Thuama :

Duine de Mhuintir Chróinín an ‘Phlantation’ I mBaile Mhúirne isea Eibhlís – an iníon is sine don mhac ba shine dá raibh ag Bess Cronin, amhránaí cáiliúil Mhuscraí.

Cé gur cailleadh Bess nuair ná raibh  Eibhlís ach sé bliana d’aois, deir sí gur cuimhin léi fós a seanmháthair a bheith ag canadh agus ag feadaíl ar fuaid na cistine sa bhaile. Tháinig amhráin Bhess anuas go dtí Eibhlís tréna h-athair, Dan. Tá sí féin ag seoladh na n-amhrán céanna ar aghaidh go dtí páistí scoile Mhúscraí le blianta anois mar mhúinteoir ar scéim Aisling Gheal.

6      Na Táilliúirí

Dob é Dónal Ó Mulláin ón Screathan a chum an t-amhrán seo. Insint dá chuid féin atá ann ar sheanscéal idirnáisiúnta i dtaobh áiteamh idir thriúr tálliúirí féachaint cioca den triúr acu ab fhearr mar cheardaí. I leagan Dhónail tarlaíonn an eachtra i dtigh tabhairne, agus mar sin h-aon ionadh go gcríochnaíonn sé ina thranglam!

17        A Mháire Ní Laoghaire

Saghas agallaimh isea an t-amhrán seo idir an file ós na Foithre,  Cúil Aodha, Donnchadh Bán Ó Loingsigh , agus Máire Bhuí Ní Laoghaire,  príomh fhile Uíbh Laoghaire.  D’fhiafraigh sé dí cad é an fáth ná raibh sí ag scríobh filíochta agus ag gríosadh na ndaoine mar a bhíodh . Do fhreagair sí gur de bharr sean aoise agus lag mhisnigh a bhí sí ina tost. Ach dúirt sí chomh maith go mbeadh an choismhuintir ag éirí amach in aghaidh a naimhde – na daoine a itheann feoil Dé hAoine – agus go mbuafaidís an lá.  Dúirt sí leis go raibh sí ag bronnadh craobh na filíochta air féin i dtreo go bhféadfadh sé uchtach a thabhairt dos na gnáth dhaoine mar a deineadh sí féin.

 

Gobnait Ní Chrualaoi:

Rugadh agus tógadh mé i mBaile ‘n Chollaigh, Lámh le Corcaigh. Múscraíoch ab ea mo mháthair Máire Ní Cheocháin agus is ó Bhéal na Carraige taobh le Dún Mánbhuí m’athar.  Do mhúin mo mháthair an tamhrán dom agus mar chuid d’obair Acadamh Fódhla do dheineas dian staidéar air.

7      An Gamhain Geal Bán: Amhrán atá foirleathan i Múscraí isea an t-amhrán seo. Tá cúpla leagan difriúil den bhfonn ann, iad ar fad  cosúil le chéile, ach athruithe beaga iontu ó cheann go ceann. Is é leagan mo mháthar,Maire Ní Cheocháin, a fuair  sí ó Mháire Bean Uí Chonaill,    atá a chanadh agam anseo. Téama an-choitinta atá ann. Bean isea an Gamhain Geal Bán gan dabht, agus an fear bocht ag ologón toisc go bhfuil sí imithe uaidh, agus gan aon teacht aige uirthi - an bhean ba bhreátha dár bhuail leis riamh .

15        Bríde Ní Scannláin

Dob é Amhlaoibh Ó Loingsigh a chum an t-amhrán seo  tráth dá raibh rang  seachtainiúil Gaoluinne á mhúineadh ag Dónal Ó Ceocháin- mo sheanathair- sa tsean halla i gCúil Aodha.Bhíodh orthu tine a lasadh i sorn a bhí ar an ardán chun teasa a choimeád leo féin i rith an gheimhridh. Thugadh  Dónal an-aire don mhála móna a bhíodh acu don tine agus ní raibh cead ag éinne eile a bhí ag úsáid an halla dul ina ghoire.Oíche amháin nuair a tháinig an rang le chéile, chonaiceadar go raibh an mála móna folamh. Ní admhódh éinne an goid agus  chun beagáinín magaidh a dhéanamh fé chum Amhlaoibh an t-amhrán seo, ag leigint air gur seanbhean a tháinig ar cuaird go dtí an halla a bhí préachta, agus go raibh orthu tine mhór a chur síos i dtreo ná caillfí leis an bhfuacht í ! Is ó Eilís Ní Shúilleabháin a fuaras an t-amhrán seo.

 

Ger Wolfe :         

Cumadóir amhrán agus ceoil isea Ger, a rugadh is a tógadh i gCathair Chorcaí, ach atá ina chonaí anois le fada ar Bhóthar an Churraigh le h-ais Carraig a Phúca. Is ceoltóir proifisiúnta é a bhíonn de shíor ag déanamh coirmeacha thall is abhus. Tá mórán dá chuid amhrán taifeadta ag amhránaithe cáiliúla na linne seo.

8      Bean Dubh a’ Ghleanna

Tá Bean Dubh a' Ghleanna ar cheann des na h-amhráin is binne agus is goilliúnaí sa Ghaoluinn.  Tá leaganacha de le fáil ar fuaid na tíre, agus taifid de déanta ag a lán d'amhránaithe  móra na Gaoluinne. Ceann de leaganacha na Mumhan atá ag Ger anseo. Téann saibhreas na bhfocal agus áilleacht an cheoil i bhfeidhm ar gach éinne a chloiseann é.

 

Brenda Ní Ríordáin :

Rugadh Brenda I mBleá Cliath, cé gur de shliocht  Bhéal Átha an Ghaorthaidh  is Cloch na Coillte í. Is cláirseoir gaelach agus clasaiceach í – bua a fuair sí óna máthair, Caitlín Ní Cheocháin [Bean Mhichíl Uí Ríordáin].

9      A’ Raibh tú ar a’ gCarraig?

Is amhrán grá é seo. Níl aon bhaint aige le Carraig an Aifrinn, cé go gcreideann a lán daoine go bhfuil. Mhúin mo Mham, Caitlín Ní Cheocháin, dhá  bhéarsa de dhom  agus mé an – óg, agus chuir sí tionlacan cruite leis dom ag an am chomh maith. Rinne mé taighde air le déanaí don Dáimh amhránaiochta, agus fuair mé ceithre bhéarsaí eile atá le clos ar an dlúth dhiosca seo. Chum an file dall Dominic O’Mongan/Mungan é san 18ú aois do Elisa Blacker ón gCarraig i gCo. Ard Mhacha. Cailín fíor álainn abea í do réir gach cosúlachta. Luaigh Edward Bunting é ina leabhar ‘The Ancient Music of Ireland..


Peadar Ó Riada :

Ina chónaí ar Cúil Aodha. Beachadóir a chumann is a sheineann ceol le Cór Chúil Aodha, Cór Ban Chúil Aodha, Triúr, The Drole,  Ceoltóirí Cualann agus cairde eile.

D’fhoilsigh sé ‘Amhránaíocht Dúchas na nGael’ i dteannta dlúth dhioscaí. altanna,

Leabhair agus scannáin. Craolann sé clár seachtainiúil ar Raidio na Gaeltachta.

10   Baile Mhúirne:

Dob é Donncha Ó Laoghaire chum an t-amhrán seo i gcomhair feise a bhí i mBaile Mhúirne sa bhliain  1900, agus ghnóthaigh sé an chéad duais. Bhí leagan eile dhe aige dár teideal ‘An Guagán Naofa’  a bhí ullmhaithe do chomórtas sa bhliain 1913. Is  í  Gobnait Sheáin Eoin Uí Dhuigneáin a mhúin domsa an tamhrán seo i 1978. óir dúirt sí ‘Fuaras an t-amhrán seo ó Dhonnchadh agus níl éinne dá rá anois, agus is olc an mhaise dhuitse gan  amhráin a bheith á gcanadh agat féin.’  Dhein sí é a dheachtú chugam ar an dtoirt an mhaidin Bhealtaine sin i Larchfield Road. Is iomaí duine atá á chanadh ó shin, agus foth-fhocal éagsúil acu, bfhéidir, ón leagan seo.
 

Seosamh Ó Críodáin :

Is ó Mhaghchromtha do Sheosamh ó dhúchas. Tá sé ina mhúinteoir adhmadóireachta sa Daingean le blianta. Ball d’Acadamh Fódhla isea é, agus tá duaiseanna buaite aige i gcomortaisi  amhránaíochta  ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ins an Oireachtsas.

11   An Poirtín :

Amhrán deas éadrom isea é seo a chum an file agus an t-údar, Diarmuid Ó Tuama, ón Screathan, Cúil Aodha, lá dá raibh sé ag baint mhóna sa phortach. Ní raibh sé ach cúig  bliana déag d’aois an uair sin. Is léir go raibh féith na filíochta go láidir ann dá óige a bhí sé. Is é an scéal atá san amhrán ná gur bhuail an file le cailin álainn a bhí ag canadh poirtín di féin aar bhruach an tSuláin, agus gur thit sé láithreach i ngrá léi. Dhein sé iarracht  comhrá a dhéanamh léi, ach ní raibh aon tsuim aici ann  - lean sí ar aghaidh ag crónán di féin. I gceann bliana nó mar sin tháinig sí ag triall air, á iarraidh air í a phósadh, rud a thug seans dó díoltas a imirt uirthi!

 

Pádraig Mac Cárthaigh:

Tá cónaí ar Phádraig ar Bhóthar na Laoi, Cathair Chorcaí, ach is de shliocht Mhic Cárthaigh Riabhaigh  a mhuintir ,gur as Garbhleaca dúiche Lios an Bháird, laistiar de Chloich na Coillte dóibh ó dhúchas.

16 Druimín :

B’é Séafradh Ó Donnchadha an Ghleanna [.i. Gleann Fleisce in Oirthear Chiarraí] a chum an t-amhrán seo i lár na seachtú aoise déag. Spáinéirín [spaniel] sportúil do bhí ag Séafradh, agus Druimín a bhí mar ainm air. Thárla go raibh cruach arbhair á dhéanamh san iothlainn go ndeachaigh Druimín ar thóir luch ann.. Rith ceann díobh, ar a theicheadh ón gcat, isteach i mbéal Dhruimín agus é ag tafann. D’éag an coileán agus do chan Séafradh an cluiche caointe in ómós dó.