Home » Uncategorized » Cúpla focal chun Seán Ó Sé a chuir in aithne Oireachtas na Gaeilge 2011

Cúpla focal chun Seán Ó Sé a chuir in aithne Oireachtas na Gaeilge 2011

Cúpla focal chun Seán Ó Sé a chuir in aithne don tslógh ag Oireachtas na Gaeilge 2011 ar ócáid Craoibhe Corn Uí Riada le RnaG i gCill Áírne.


A uaislibh is a ghaelibh is a cháirde an tsaoghail seo.

Fearaim roimhaimh barántas ag cruinniú seo Éigse.

Faoi fear fiar flaithiúil, fíor gheannamhail béasach.

Caithfear é d’aithint ‘na Laoch imeasc laochraibh.

 

Fear fuinneamhal fileata ag fleadh nó ag féasta.

Fear múinte, fear mánla, meacanta mór-thréafach.

Míorúil a ghrástaíbh imeasc d’fháscar nó éirlinn.

Mo chara, mo bhráthair, mo thaca, mo réiteach.

 

Níl lon ar an gcraoibh nó cuach i mbun glaoite,

Níl fiseog sa spéir ghorm le ceol ar an Réadhchnoc,

Nil smólach nó tréannach nó crotach ag scréachaigh,

Le fonn chomh ceolmhar, chomh taithneamhach séimh bínn.

 

Níl Seannachaí le eachtraí lán-éachtach fíor chuíthigh,

Le greann, le fonn le meafair míorúileach, míchuíosaigh.

Gach scéal leis dá aithiris le rithim is abairtí dheas-ínnste.

Gach lúb agus casadh go péarlach triopalach ríomhtha.

 

Níl a sharú mar mhúinteoir, sé togha an locht léinn é.

Gach ceacht leis oiriúnach do dhalthaí ar fuaid Éireann.

Ina dhraoi nó mar saoi, ‘na thaoiseach nó Éarlamh

Gach rang aige ag suí, ag sú eagna le tréann-éisteacht.

 

Síolraíodh an laoch seo de threabh uasal Séadhach

O Chúm Thóla na ngriann-chnoc i Leithinis Bhéara,

Is ná dearmad Cúil Aodha le pór bhárdaibh is éigse,

Nuair thagaid le chéile sin Orpheas ‘Náisiún Ghaeligh

 

Seán Ó Sé, a dhaoine uaisle, is ainm don tréann fhear

Is cuirídh roimis fáilte le grádh is gach dea-mhéinne

Is impím ar Mhuire, ar Fhionnbarra, is Gobnait Naofa

É chaomnú ‘nár bhfochair, gurb fada buan a thréimhse.

Peadar Ó Riada 5ú Samhain 2011


Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.