Home » Scríbhneoireacht / Writing » Réamhfhocal do bhailiúchán amhráin Ó Mhúscraighe

Réamhfhocal do bhailiúchán amhráin Ó Mhúscraighe

Réamh-fhocal nó brollach é seo do leabhar amhráin ó Mhúscraighe a fhoilsigh an Dáimh Amhránaíocht Dúchasach de chuid Acadamh Fódhla 2007.

Is d’fhonn scoláireacht agus léinn cultúr na nGael do chur chun cinn a bunaíodh Acadamh Fódhla. Is cultúr sruthach le bonn linear ár gcultúrna seachas an bonn ingearach atá faoi chultúr na hEorpa/An Domhain Nua. Cialaíonn san go mbíonn téarmaí tagartha éagsúla againn go minic seachas mar a mbeadh ag scoláirí sa mhódh Eorpach. Tá scálaí agus modes agus ‘time-signatures’ acu san. Tá Srutis, Rag, agus Alap ag cultur claisiceach na hInde. Níl aon téarmaí mar sin ann don sean nós amhráníochta gaelaedhe gídh go measaim féin gurb í an iarsma dheirigh í de chultúr sár fhorbartha ar nós na cultúir eile luaite thuas. Ach gan dabht tá cuid mhaith de mhíle bliain caite dá scor. Sin í an fhaid díreach a thóg sé ar guth ceoil na hEorpa teacht chun cinn, bláth agus éagadh mar atá anois sa chéad seo críochnaithe.

Macasamhail dá chéle is ea na healaíóna agus na nithe samhailteacha a bhíonn in aon chultúr. Mura bhfuil fágtha again ach foth phíosa seodóireachta is scribhinn agus cúpla carn mór cloch ag cogarnaíol chughainn ar shaoghal eile nách dtuigimíd, táid comhachtach a ndothain ionta féin chun sinn do chur ag smaoineamh ar cad go díreach a bhí mar bhun téamaí sa chultúr sin. Ní Ceiltig sinn toisc go labharíonmíd Gaoluinn. Ní Sasanaigh sinn toisc go labharam béarla. Tá beagán de nósanna na ndaoine sin go léir again. Tá beagán de nósanna na manach again is an córas ceoil románach, tá beagán de nathanna nó téamaí na Normánach len’a gcuid Troubadour is Trouvére, tá rithimí rinnce a bhíodh i bhfaisean ó chéad go céad ar fuaid duthaighí ár gcomharsan ar fuaid na hEorpa agus tá éagsúlacht uilisí a tháinig thar sáile chughainn isteach agus ar ar ghlacamar leo go fonnamhar. Ach tharstu seo go léir tá sruth comónta amháin ag sníomh ionas gurb é an cultur gaelach sin a chorraíon an t-éisteoir agus é ag éisteacht le h-amhránaí dúchasach nó sean nóis. Sin é an abhar is dual don Acadamh a threabhadh. Tá sé de nós againn an fhianaise a bhí again dá úsáid d’fhágaint ar folúin ionas gur féidir le daoinibh eile sinn a cheartú más gá agus ionas nách gciathfidís ath ghabháil do dhéanamh ar an dtalamh chéanna má bhí ár gcuid soathar déanta i gceart againn. Mar sin, bíonn fuíolach slí is spáis inár gcuid
bailiúcháin nótaí ionas gur féidir leis an scoláire bheith de shíor ag cur leo. Tá na cóipeanna is leaganaíocha uilig a bhí dá bpléidh againn le feiscint chomh maith. Is mar áis don scoláire, aga bhfuil an leabhair seo anois ina ghlaic, atá seo déanta againn.

Tá suíomh ag an Ollscoil Scairte seo faoi www.acadamhfodhla.ie

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.