Home » Scríbhneoireacht / Writing » Freagra ceist na Dáimhe 2011

Freagra ceist na Dáimhe 2011

A chléirgh bhínn na gceist ró achrannaí

Seo freagra chughat uaim féinig

I dtaoibh Bainc is bonds is sochmhainí

Ní chreidim focail ‘na dtaoibh in aonchor

 

Is cuimhin liom roinnt bliannta ó shoin

Bhí Sínnigh ag díol gach ní ar dollars

Bhailíodar isteach chuchu féin go treán

Cruach maoin ar gach tsaghas soláthar

 

Ansan a bhí alltacht ar Sam dar ndóigh

Is cheap a stór ag allúraigh

A charn  mór graoi faoi smacht Pheking

Féach anois cé bheadh ‘na mháistir.

 

Ach bhí fear cliste ag obair do Sam ar ndeoin

Is dubhairt sé siúd leis féinig

Má tá an oiread dúil ag an tSín im ‘chash’

Déanfad ualach mór nua don straeighire

 

Do ghlaoigh ar chlódóirí is manghairí bainc

Is dubhairt léo a pháipéir glas do réiteach

Is le teann discréid chun é choimead faoi cheilt

Do chruthaigh sé na focail “Bog-áireamh méide”

 

Gíocs níor tháinig ó mheatheal na Síneach

Le heagla go gceapfaí an dollaéir pass faon-lag

Is go bhfaighí lucht air a fhagadh sa dríob é

Ar ndó, bhí an chruach is mó acu féinig

 

 

Mar sin a chléirigh agraím go láidir

Is ár  dTaoiseach ag dul ag éileamh

Ná lorgaíoch sé billiún ansa is ansúd

Ach tabharfadh le leis gach aon rud

 

Déanfaighmíd brannar is fuirse is eagar

Ar ghéileagar na tíre tri chéile

Cuirfeam cat cheilteach ag preansáil go barra

Is fillfigh ár gclann chughain ón géibhinn

 

 

Is nuair thiocfaigh lá an áireamh ó bhainc na Bruiséile

Is aisíoc throm acu súd dá néileamh.

Téimís i mbun pinn is clódoirí grinn

Is tabharfaimís fuíolach páipéir dóibh.

 

Beidh said ag cneadaigh is ag únfairt is ag bagairt,

Is beidh mórán gránna ráite sna páipéirí

Ach ar nós Corcaigh le Sam, seachas ainmeacha  “uile réalt”

Beidh an t-airigead slán sábhalta againn féinig.    (Peadar Ó Riada 11/3/2011)

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.