Home » Scríbhneoireacht / Writing » Ar glaca Gradam Francie Mooney

Ar glaca Gradam Francie Mooney

Ar glaca Gradam Francie Mooney


 

Aneas ‘sea thánag ó Dhúthaigh Mhúscraíghe

Chun cáirde mo chléibhe le grádha agus croí.

Fearaimhear romhainn fáilte le togha bídh agus dí,

Is anois is sinn ag fágaint, an smear mullaigh ‘sea chím.

 

An Gradam seo bronnta agaibh orm féin mar a ríom.

I gcuimhne sár dhuine, sár fhile, sár saoi le neart grinn.

Francie an Cheoil bhínn céile Cití an banríon,

Athair clainne ceolmhara Ghaoith Dobhair na bhfidilí.

 

Tá mo chroí lán de mhórtas, cionn, uaigneas is gáirí,

Ag smaoineamh ar Francie, ceoltóir is gabhar focail an bhéil bhínn,

Ar a chuid saothair don óige, an stócach is an sean-donnaí

Iad dá mhealladh chun tapú is tacú don Náisiún Ghaelaighe.

 

Mo mhairg gan tú farainn a sheana chara mo chroí,

Go mbeadh againn seal cainte is b’fhéidir cúpla tiúinín.

Ach, is tú anúd thuas i bParrathas na naingle neimhí,

Beid igcónaí ag smaoineamh ort an gradam seo nuair a chím.

 

Mór mo bhuíochas dod’ lucht leannta is do chlainn

Tá éacht acu déanta le féile is le fáilte do gach naoi.

Maireann Frankie cneasta, céile Maighréad na gcúl bhfaingí mbuí

I gcuimhne na ndaoine, fós óg, ceolmhar, ina chomhluadar bíonn spraoi.

 

 

Mo shlán libh beirt tamall, uaim féin is mo bhuíon,

Is sin ag fágaint Gaoth Dobhair le aghaidh ar Mhúscraíghe,

Mar a bhfuil cionn agus meas oraibh ag Muintir Chorcaighe,

Leis an gradam seo iad aitheanta, ‘s iad mo chrann taca iad.

 

 

31/12/2011 POR

Comments are closed.