Onóir

onoir












  1. Móra Duit, a Thír ár nDúchais (Cór Ban Chúil Aodha, Peadar Ó Riada) 4.12




  2. Ríl Laichtín / Ríl Ghael Linn / Ríl an tSathairn* 4.31




  3. Fianna Éireann (Peadar Ó Riada, Oisín Morrison,Tristan Rosenstock) 7.12




  4. Máirseáil Mac Mahon (Téada) 2.17




  5. Sleamhnán Damien / Sleamhnán Tristan / Sleamhnán Oisín* 2.56




  6. Caoineadh Náisiúin (Mick O’Brien, Oisín Morrison) 5.43




  7. Polca Sorrento/Polca Neans / Polca Pheadair* 3.34




  8. Mionn an Phiarsaigh (Cór Chúil Aodha, Peadar Ó Riada) 2.17




  9. Mo Ghile Mear (Cór Chúil Aodha, na ceoltóirí uilig 4.27




  10. Port Chonaill / Port Dharragh / Port Ruadháin* 4.53




  11. Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Cór Ban Chúil Aodha, Peadar Ó Riada) 9.14








Nótaí le Peadar Ó Riada


1. Móra Duit, a Thír ár nDúchais


Thiteas i ngrádh leis an dán seo mar léiríonn sé go díreach an saghas grádh a bhí ag an bPiarsach dá thír is dá Náisiún. Is mothúchán fíor ina chroí a bhí ann seachas tuairim theibí intleachtúil. Sid é an mí-thuiscint bhunúsach atá ag daoine i leith an Phiarsaigh inniu.Tá an t-aineolas bunúsach seo soiléir in ana chuid d’innsint staire 1916, céad bliain níos déanaí. Is cultúr forbar tha agus préamhaithe sa chroí seachas san intleacht í, a d’eascraigh as an dtalamh agus as an Náisiún Gaelach. Baineann tréith na h-intleachta agus smacht is foréigean aigeanta le cultúr gallda.


I fell in love with this poem as it portrays the love which Pearse had for his country and his Nation. It was a heart-felt emotion, not an abstract, intellectual concept. There is a basic misunderstanding by many in relation to Pearse, something which is evident in historical narrative 100 years on.










3. Fianna Éireann


Tá bunchloch nó préamh riachtanach d’aon síbhialtacht. Tá réabadh fíochmhar déanta ar an gcultúr Gaelach leis na céadta bliain. Cé gur mó aird an phobail ar an réabadh a deineadh ar chine Gael de bharr cogaíochta , Gorta agus gníomhartha cruálacha cinníochais – a luaitear go ciúin inniu – bhí feachtas fíochmhar eile ar siúl le céadta bliain, agus tá fós, in aghaidh an chultúir féin.


Is mithid dúinn, taréis céad bliain saoirse anois, teacht i dtír ar ár ndúchas is ár n-oidhreacht féin. Seo an pléidhe a bhí idir Phádraig is mé féin agus sinn ag iarraidh na Fiannaíochta, agus a ngabhann léi, a tharrac le chéile, chun múnla agus meafair dár gcuid féin do tharrac isteach mar an luath-fhoinse do shruth seo ár gcultúir. Cailleadh Pádraig an tseachtain gur thaifeadas an chéad blúirín seo. Fíor laoch cultúrtha Chríche Fódhla – Beannacht Dé leis.


Every civilisation has to be anchored by its roots or foundation stone. After centuries of atrocities, persecution and a century of freedom, we still nd our culture under siege It is time to reconnect our heritage. Pádraig Ó Fiannachta agus i felt that the bedrock of our culture, that which gave us our ideals, could be found by assembling our mythical past into a cogent narrative. He died during the week this recording was made. God rest him – he was a true cultural hero of Ireland.










6. Caoineadh Náisiúin


’Sé’ a bhí uaim anseo ná píosa simplí i gcuimhne ar an bhfulaingt atá curtha dhíobh ag daoinibh ár Náisiúin.Tá créachta doimhne i gcoinsias ár dtreibhe, a chaithfear a chneasú sna glúnta atá le teacht.Tá ainghníomhartha uafásacha imeartha orainn ná fuil aon tagairtorthufósinniu,agustáimídféinmarThíragusmarRialtasaggabháiltríthréimhse mar a bhfuilimíd ag iarraidh leithscéal a dhéanamh dóibh súd a d’imir an t-uafás san orainn.Tá sé seo nádúrtha, ach ní mór dúinn bheith cúramach mar tá tréimhse feirge fós le teacht, agus má bhíonn iomarca den umhlaíocht bhréagach os comhair na sean nathanna cumhachta, beidh an fhearg ana dheacair le smachtú nuair a thiocfaidh sí. Seo iarracht bheag ar thosach a chur leis an gcréacht seo a ghlanadh is a chneasú.


Our tribal subconsciousness has many deep wounds which must be healed for the generations to come – this piece is a small contribution to the cleansing and healing process.


8. Mionn an Phiarsaigh


Chúm Pádraig é seo le linn néall feirge a bhuail é, nuair a tuigeadh dó uafás an ualaigh a bhí curtha orainn mar Náisún. Nuair is led’ croí a thómhaiseann tú do shlat, is féidir leis bheith trom agus fada má tá an éagcóir trom agus fada. Tá ar chumas na h-intleachta uimhreacha agus meafair eile teibí do dhéanamh den uafás ionas go gcailleann sé roinnt dá dhiablaíocht.


Pearse composed this oath or curse or outburst of rage when he comprehended the extent of the past horrors played on us as a Nation. The intellectual analytical process tends to sterilise these events so that emotions are kept in check.










9. Mo Ghile Mear (Mo Ghille, M’fhear)


Chuireas é seo le chéile sa gheimhreadh i 1971, mar bhí uirlis éigin uaim mar stócach óg 16 mbliana d-aois, ag iarraidh an Cór do choimeád le chéile. Bhí sé cloiste agam dá sheinnt ag m’athair agus bhí taifead den churfá agus den chéad bhéarsa ó sheana bhuachaill ó Adrigole sa tigh againn. Ba chúnamh dom Seán Ó Sé, agus níos déanaí Dónal Ó Liatháin, leis an amhrán seo. Is mó duine agus buíon atá taréis ‘iasacht’ an amhráin seo a ghabháil chuchu féin mar gur dócha go n’aithníodar ann an fhearúlacht agus an neamhspleáchas a bhí againn i gCúil Aodha dá gcur isteach ann, agus sinn an tráth sin in Iomar na hAimiléise. Maithimíd dóibh é, ach is amhrán é seo a chiallaíon breis dúinne sa cheantar seo, amhrán a úsáidimíd chun ár neamhspléachas do chur in iúil.


I introduced this song to the Cór at a time when i strove to nd my way and direction after my father’s death. I actually used two different songs. In the 45 years since, it has oft been imitated but for Cór Chúil Aodha it is about our independence and virility in the face of adversity.


11. Caoineadh Airt Uí Laoghaire


Níl anso ach an chéad chuid de shaothar mór a thóg breis agus cúig mbliana déag agus cór nua – Cór Ban Chúil Aodha, len é thabhair t ar an saoghal. Ceann de dhánta móra Grádh an domhain is ea an Caoineadh seo ar Art a chúm a bhean Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Bhí mórán dár ndaoinibh le feiscint i saoghal Airt agus Eibhlín. Sid í an chumhacht breise sin atá sa tsliocht seo domsa, agus an chúis gur dheineas iarracht ceol do chur leis chun áird agus cluas do tharrac air sa tsaoghal seo inniu.


‘Lament for Art Ó Laoghaire’ was written in 1773 by his wife Eibhlín Dubh Ní Chonaill and is regarded as one of the world’s great love poems. Many is the Irish man and woman’s fate re ected in its sentiments. It took me fteen years to set it to music



Creidiúintí








Innealtóireacht: Draíonscáth & Brian Nammock

Léiriú: Antoine Ó Coileáin agus Peadar Ó Riada

Dearadh: Bluett

Grianghraf clúdaigh tógtha ag Nancy Previs: sonra ó dhealbh Dhónaill Uí Chonaill, BÁC.

Buíochas le Eilís Ní Shúilleabháín.

Tristan Rosenstock a mhol do Gael Linn saothar a choimisiúniú mar chomóradh ar 1916.


Móra Duit, a Thír ár nDúchais (Focail: Pádraig Mac Piarais. Ceol: Peadar Ó Riada) Ríl Laichtín / Ríl Ghael Linn / Ríl an tSathairn (Peadar Ó Riada)

Fianna Éireann – An Tosach (Focail: Pádraig Ó Fiannachta, Ceol: Peadar Ó Riada) Máirseáil Mac Mahon (Ceol: Peadar Ó Riada)


Sleamhnán Damien / Sleamhnán Tristan / Sleamhnán Oisín (Peadar Ó Riada) Caoineadh Náisiúin (Peadar Ó Riada)

Polca Sorrento / Polca Neans / Polca Pheadair (Peadar Ó Riada)

Mionn an Phiarsaigh (Focail: Pádraig Mac Piarais, Ceol: Peadar Ó Riada)


Mo Ghile Mear (traidisiúnta, cóirithe ag P. Ó Riada)

Port Chonaill / Port Dharragh / Port Ruadháin (Peadar Ó Riada)

Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Focail: Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Ceol: Peadar Ó Riada)


Price: 15.00





Comments are closed.