Léachtaí Aifrinn 26/4/2020 – Mass readings
An Tríú Domhnach den Cháisc
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33
Níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é.
Lá Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh I riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 15
Freagra Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.
Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.
Deirim leis an Tiarna: ‘Is tú mo Dhia.
Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta,
agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!’ Freagra
- Beannaím an Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar me choíche. Freagra
- Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam,
agus mairfidh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin.
Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh,
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil Freagra
- Taispeáin tú slí na beatha dom,
agus iomlán lúcháire i d’fhianaise,
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 1:17-21
Óir is feasach sibh le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.
A clann ionúin, má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.
Briathar Dé.
Alleluia /Véarsa
Alleluia, Alleluia, Ó Alleluia!
Críost aiseirithe. Alleluia, Críost Aiseirithe, Alleluia!
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:13-35
Thóg Íosa an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é.
An lá sin féin, bhí beirt de na deisceabail ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt – Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa – Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”
Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.
Nuair a bhí siad I ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Béarla/English version
1st Reading: Acts 2:14, 32-33
The resurrection of Jesus shows the Father’s plan for all of us
Peter, standing with the eleven, raised his voice and addressed them, “Men of Judea and all who live in Jerusalem, let this be known to you, and listen to what I say: This Jesus God raised up, and of that all of us are witnesses. Being therefore exalted at the right hand of God, and having received from the Father the promise of the Holy Spirit, he has poured out this that you both see and hear.”
Responsorial: Psalm 15: 1-2, 5, 7-11
Response: Lord, you will show us the path of life
Preserve me, God, I take refuge in you.
I say to the Lord: ‘You are my God.
O Lord, it is you who are my portion and cup;
it is you yourself who are my prize.’
I will bless the Lord who gives me counsel,
who even at night directs my heart.
I keep the Lord ever in my sight:
since he is at my right hand, I shall stand firm.
And so my heart rejoices, my soul is glad;
even my body shall rest in safety.
For you will not leave my soul among the dead,
nor let your beloved know decay.
You will show me the path of life,
and the fullness of joy in your presence,
at your right hand happiness for ever.
2nd Reading: 1 Peter 1:17-21
Christians are called to live in obedience to the Father. This life is founded on faith and hope in Christ who has been raised from the dead
If you invoke as Father the one who judges all people impartially according to their deeds, live in reverent fear during the time of your exile. You know that you were ransomed from the futile ways inherited from your ancestors, not with perishable things like silver or gold, but with the precious blood of Christ, like that of a lamb without defect or blemish. He was destined before the foundation of the world, but was revealed at the end of the ages for your sake. Through him you have come to trust in God, who raised him from the dead and gave him glory, so that your faith and hope are set on God.
Gospel: Luke 24:13-35
Two disciples come to recognise our risen Lord in the breaking of the bread, as he opened the Scriptures to them
Two of the disciples were going to a village called Emmaus, about seven miles from Jerusalem, and talking with each other about all these things that had happened. While they were talking together, Jesus himself came near and went with them, but their eyes were kept from recognizing him. And he said to them, “What are you discussing with each other while you walk along?” They stood still, looking sad. Then one of them, whose name was Cleopas, answered him, “Are you the only stranger in Jerusalem who does not know the things that have taken place there in these days?”
He asked them, “What things?” They replied, “The things about Jesus of Nazareth, who was a prophet mighty in deed and word before God and all the people, and how our chief priests and leaders handed him over to be condemned to death and crucified him. But we had hoped that he was the one to redeem Israel. Yes, and besides all this, it is now the third day since these things took place. Moreover, some women of our group astounded us. They were at the tomb early that morning, and when they did not find his body there, they came back and told us that they had indeed seen a vision of angels who said that he was alive. Some of those who were with us went to the tomb and found it just as the women had said; but they did not see him.”
Then he said to them, “Oh, how foolish you are, and how slow of heart to believe all that the prophets have declared! Was it not necessary that the Messiah should suffer these things and then enter into his glory?” Then beginning with Moses and all the prophets, he interpreted to them the things about himself in all the scriptures.
As they came near the village to which they were going, he walked ahead as if he were going on. But they urged him strongly, saying, “Stay with us, because it is almost evening and the day is now nearly over.” So he went in to stay with them. When he was at the table with them, he took bread, blessed and broke it, and gave it to them. Then their eyes were opened, and they recognized him; and he vanished from their sight.
They said to each other, “Were not our hearts burning within us while he was talking to us on the road, while he was opening the scriptures to us?” That same hour they got up and returned to Jerusalem; and they found the eleven and their companions gathered together. They were saying, “The Lord has risen indeed, and he has appeared to Simon!” Then they told what had happened on the road, and how he had been made known to them in the breaking of the bread.
Déan Nasc / Get Connected!