Laoi na Laoithe teacs





LAOI na LAOITHE


Laoi na laoithe do Sholamh.


Ise


2
Pógadh sé mé de phóga a bhéil
óir is fearr do ghrá ná fíon.
3
Is maith é cumhracht d’ola,
ola dhoirte d’ainm
a d’fhág na cailíní i ngean leat.
4
Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.
Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.
Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas.
Mórfaimid do ghrá thar fhíon.
Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit. Ise
5
Más dubh mé, is sciamhach,
a mhná Iarúsaileim;
1
mar bhotha céadair,
mar bhéalscátha Sholaimh.
6
Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,
is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.
Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d’fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,
faoi deara faillí m’fhíonghoirt féin.
7
Inis dom, a ghrá mo chroí,
Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,
Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad; i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach trí thréada do chomharsana?
Mná Iarúsailéim
Murab eol duit, a bhean thar mhná,
lean lorg na gcaorach;
cuir do mheannáin ar féarach
in aice bhoth na dtréadaithe.
Eisean
9
Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,
is mar sin liom tú, a chara.


10
Is breá do ghruanna d’ainneoin fáinní cluas, agus do mhuineál d’ainneoin muincí.
11
Déanfaimid muince óir duit
agus cnaipí airgid inti.
Ise
12
Nuair atá an rí [ag a bhord],
tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.
13
Miorr cumhra liom mo ghrá




i sparán ar mo bhrollach.


14
Gas coifir liom mo ghrá
as fíonghort Thobar Gheidí. Eisean


15
Nach álainn tú, a rún, nach álainn!
do shúile is coilm iad.


Ise
16
Nach álainn tú, a ghrá; is aoibhinn go deimhin.


I lár dhuilliúr ár leapa.


Eisean


17
Crann céadrais díon ár dtí,
adhmad píne ár dtroscán.
Ise
Lus an chroimchinn beag ar mhá mé, seileastar bocht i ngleann.
Eisean
Seileastar idir driseacha
mo rúnsa idir mná.
Ise
3
Crann úll thar chrainn na coille
mo ghrása thar fir.
Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla.
4
Thug sé go teach an fhíona mé;
grá a mheirge orm.
5
Neartaigí le cácaí rísín mé;
Cuirigí brí ionam le húlla,
Mar tá galar an ghrá orm.
2


6
A lámh chlé faoi mo cheann,
a lámh dheas tharm anall. Eisean
Agraím oraibh,
a mhná Iarúsailéim,
dar fia agus eilití na má,
Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin.
Ise
8
Éist! mo ghrá!
Chugainn é
thar bharr na gcnoc
ag léim na ngleannta.
9
Cosúil mo ghrá le heilit








nó le fia óg ag léim.
Sin é lasmuigh anois é,
ag féachaint isteach an fhuinneog,
Ag faire agus ag glinniúint.
10
Seo é mo ghrá ag labhairt liom: Eisean
Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
11
Seo anois tá an geimhreadh thart,
tá an bháisteach glanta feasta,
12
tá an tír seo againne faoi bhláth, tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;
tá an fearán ag durdáil amuigh,
13
figí glasa ar an gcrann,
cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.


Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
Eisean
14
Mo cholm i scailp na haille,
i bhfolach i bpluaiseanna,
dá bhfeicfinn do ghnúis,
dá gcluinfinn do ghuth!
óir is binn é do ghuth,
is álainn í do ghnúis.


Ise


15
Beirigí ar na sionnaigh,
na sionnaigh bheaga dúinn,
do mhill an fíonghort,
ár bhfíonghort faoi bhláth.
16
Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise,
i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,


17
Go séide lá
go scaipe scáth,
fill ...
bí cosúil, a ghrá, le heilit,
nó le hoisín na bhfia
ar Chnoc [Tairngire].
Ar mo leaba dom i gcoim oíche
a loirg mé grá m’anma,
a loirg mé agus ní bhfuair.
2
Éireoidh mé, cuardóidh mé,
tríd an mbaile, trí na sráideanna, lorgfaidh mé grá mo chroí.
– Má loirg, ní bhfuair.


3
Theagmhaigh liom na gardaí




ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”


4
Ní fada a ghabh mé tharstu


gur theagmhaigh grá mo chroí liom.


Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é
i dteach mo mháthar


i seomra mo bhuime.


Eisean


Agraím oraibh,
a iníona Iarúsailéim,
dar fia agus eilití na má,
ná corraigí, ná músclaígí mo rún, go dtograí sí féin.
6
Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh
as miorr agus túis
agus uilechumhracht na siopaí? 7
Sin é coiste Sholaimh,
trí fichid laoch thart air,
ó shárlaochra Iosrael;
8
fear claímh gach laoch díobh
ó thaithí an chogaidh;
a chlaíomh ar a shliasaid
i gcoinne bhaol na hoíche.
9
Do rinne Solamh rí
suí breithimh dó féin
d’adhmad na Liobáine.
10
Cosa airgid faoi,
scáth óir os a chionn,
adhairt chorcra ann,
éabann dá fholach.
11
Tagaigí go bhfeice sibh,
a iníona Iarúsailéim,
Solamh rí gona mhionn rí
a chuir a mháthair air
lá a phósta,
lá áthais a chroí.
Eisean
Nach álainn tú, a rún,
nach álainn!
do shúile is coilm iad.
Laistiar de do chaille
folt mar thréad gabhar
anuas Cnoc Ghileád.
2
D’fhiacla mar thréad lomtha aníos as an loch nite,
cúpla uan ag gach caora
agus gan caora díobh seasc.








3
Snáth craorag do bheola,
do chomhrá ró-aoibhinn.
Leathbhró ghránúill do ghrua
laistiar de do chaille.
4
Túr Dháiví do mhuineál,
daingean cosanta,
míle sciath ar crochadh air,
éide chatha na gcuradh.
5
Do dhá chíoch mar dhá oisín,
cúpla aon eilite,
ag innilt i measc bláthanna.
6
Go séide lá,
go scaipe scáth
rachaidh mé go cnoc an mhirr,
go tulach na túise.
7
Álainn tú ar fad, a rún;
atá tú gan cháim.
Eisean
8
Tar as an Liobáin, a bhrídeach,
tar as an Liobáin isteach.
Féach anuas ó mhullach Amáná,
ó mhullach Sheinír agus Hearmón,
ó fhásach na leon,
ó shliabh na liopard.
9
Shaobh tú mo chiall,
a shiúr, a bhrídeach,
shaobh tú mo chiall,
le silleadh ó shúil leat,
le haon seoid de do chuibhreach brád.


10
Nach aoibhinn do ghrá,
a shiúr, a bhrídeach,
nach blasta do ghrá ná fíon,
nach cumhra iad do chumhrachtaí
ná spíosraí an domhain!


11
Béilín meala, a bhrídeach,


mar an criathar ag sileadh;


mil agus bainne
faoi do theanga go cinnte;


boladh cumhra ar d’éadach mar chumhracht na Liobáine.


Eisean
12
Gort i lios tú,
a shiúr, a bhrídeach,
gort i ráth,
tobar i gcomhad.
13




Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair.


14


Spiocnard agus cróch ann,


giolcach chumhra agus cainéal,


gach crann i bhfuil roisín,


miorr agus fóifíneach,
agus togha gach cumhrachta.


15
Tobar i ngort
aníos as an talamh,
nó sruth as an Liobáin.


Ise


16
Éirigh a ghaoth aduaidh,
gluais, a ghaoth aneas,
séidigí trí mo ghairdín
go leatha a chumhrachtaí.
Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,
blaiseadh sé togha gach toraidh ann.
Eisean
Seo isteach i mo ghort mé,
a shiúr liom, a bhrídeach,
ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,
ag ithe mo mheala agus mo chriathair,
ag ól m’fhíona agus mo bhainne;
ithigí, a cháirde, ólaigí,
déanaigí meidhir, a cháirde cumainn.
Ise
2
I mo chodladh dom,


tá mo chroí ina dhuiseacht;


cluinim mo ghrá ag an doras:
“Oscail dom, a shiúr, a rún,
mo cholúr gan éalang,
5


óir is báite mo cheann i ndrúcht,


is fliuch m’fholt ón oíche.”
Ise
Ach, táim tar éis baint díom;


an gá dom cur orm arís?


Tá mo chosa nite agam;


an gcaithim a sailiú arís?”


4


Shín mo ghrá a lámh isteach
i bpoll na heochrach;
chorraigh mo chroí i mo chláibh.


5


D’éirios féin
go n-osclóinn do mo ghrá.


Bhain miorr fliuch le mo láimh,


fíormhiorr le mo mhéar,
ó bhacán an ghlais.
Ise
6








D’osclaíos do mo ghrá
– bhí mo ghrá imithe;
bhain sin an t-anam asam.
Loirg mé é agus ní bhfuair,
ghlaoigh – níor fhreagair sé.


7


Theagmhaigh liom na gardaí
ar a gcuairteanna tríd an mbaile.
Bhuail siad mé, agus ghoin,
strac siad díom mo bhrat,
lucht faire an bhaile.
8
Achainím oraibh,
a iníona Iarúsailéim,
má fhaigheann sibh mo ghrá –
cad a inseoidh sibh dó uaimse?
Go bhfuil galar an ghrá orm.
Mná Iarúsailéim
Cad iad buanna do ghrá-sa,
a phlúr na mban.
Cad iad buanna do ghrá-sa
go n-iarrann tú an achainí sin orainn?
Ise
10
Dearg agus bán do mo ghrá;
d’aithneófá i measc mílte é.


11
A cheann mar ór láite,
a dhlaoithe mar an phailm,


chomh dubh leis an bhfiach.
12
A shúile mar an colm
ar bhéal coire uisce
á ní féin as bainne
i gCoire na Mara.
13
A ghiall mar spíosraí,
ceapach luibheanna cumhra.
A bheola mar bhláthanna,
ag sileadh mirr chumhra.
14
Buinní óir ar a lámha
go n-iliomad flannchloch.
A chabhail mar an t-éabann bán,


agus í breac le saifírí.
15
Galláin mharmair a chosa
ar fhothaí óir ag seasamh.


Cosúil é leis an Liobáin,
togha na gcrann céadrais.
16
Is é an binneas a fhriotal,
is mealltacht é uile.
Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,


a iníona Iarúsailéim.
Mná Iarúsaileim






Cá ndeachaigh do ghrá uait,
a phlúr na mban,
cén treo a d’iompaigh do ghrá,


agus lorgfaimid leat é?


Ise


Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,


go ceapacha na spíosraí,
lena thréad a chur ar féarach
agus blátha a chruinniú.


3
Le mo ghrása mise,
agus liomsa mo ghrá;
i measc na mbláthanna
chuir sé a thréad.
Eisean
Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,


breá mar Iarúsailéim,
chomh huafar le cathshlua.
6


5
Iompaigh uaim do shúile,
nó sáróidh tú mé leo.
Folt mar thréad gabhar
anuas Cnoc Ghileád.
6
D’fhiacla mar thréad caorach
aníos as an loch nite,
cúpla uan ag gach caora,
gan caora díobh seasc.
7
Leathbhro ghrá núill do ghrua
laistiar de do chaille.
8
Trí fichid banríon,
ceithre fichid leannán,
cailíní gan áireamh –
9
Ach is túisce liomsa ise,
mo cholm gan cháim;
is í is túisce lena máthair,
is í rogha a buime í.
Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di,


banríon nó leannán nár mhol í:
10
“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille,
grian ar loinnir,
chomh huafar le cathshlua?”
11
Chuas síos i ngort na gcnónna,
go bhfeicfinn fás an ghleanna
go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt,


nó an gránúll ag borradh.
12
Sular thuig mé seo mé,


de mhian mo chroí,








i gcarbad le taobh mo phrionsa.


Mná Iarúsailéim


Fill, fill, a Shiúlamach,
fill, fill, go bhfeicfimid thú.


Eisean
Cad d’fheicfeadh sibh sa tSiúlamach ach rince an dá fhoireann?
2
Nach breá iad do chosa i mbróig,
a iníon rí;
lorgaí mar chlocha muince dea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
3
D’imleacán mar chuach fíona,
ní folamh é choíche.
7


Brú mar charn cruithneachta, fál bláthanna air.
4
Do dhá chích mar dhá oisín, cúpla aon eilite.




Moch maidine don fhíonghort,


d’fhios ar eascair an fhíniúin, ar oscail a bláthanna,
ar bhorr an gránúll.


Is ann a thabharfad grá duit.
14
Geanúll ag tabhairt a bholadh,


togha agus rogha chun ár láimhe.


Sean agus nua


a thaisc mé duitse, a ghrá.
Cé a thabharfadh go mba deartháir liom thú


a dhiúil cíocha mo mháthar,
go bpógfainn thú mar a mbuailfinn leat
gan náire na ndaoine.
2
Sheolfainn liom isteach thú
i dteach mo mháthar a mhúin mé;


thabharfainn duit fíon cumhra,
sú mo ghránúll.
3
A lámh chlé faoi mo cheann,
A lámh dheas tharm anall.
Eisean
Agraím oraibh
a mhná Iarúsailéim
gan mo rún a chorraí ná a mhúscailt
go dtograí sí féin.
Mná Iarúsailéim
Cé hí seo aníos ón bhfásach
ar ghualainn a grá?
Eisean
Faoin gcrann úll a mhúscail mé thú;
is ann a rug do mháthair thú,
is ann a bhí do bhuime in íona.


Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,


mar fháinne ar do láimh.
Óir ní láidre an bás ná an grá,
ní doichte an tÉad na Tír an Bháis.


Is tine dhóite é,


sárlasair.
7
Díle uisce
ní mháchfadh an grá, ná tuile abhann


ní scuabfadh chun siúil é.
An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá,


tarcaisne a gheobhadh sé.


Deartháireacha an Chailín
Tá deirfiúr againn atá beag,
í fós gan chíocha.
Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúr
an lá a mbeidh sí á hiarraidh?
9
Más balla í
tógfaimíd túr airgid ar a mullach.






5
Do mhuineál mar thúr eabhair,
do shúile mar locháin Heisbeon
faoi gheata Bhat Rabaím.
Do shrón mar thúr sa Liobáin
ag faire i dtreo na Damaisce.
6
Do cheann mar Chnoc Chairmeil,
folt ar dhath an chorcra;
cheangail tú rí lena thriopaill.
7
Is álainn tú, is aoibhinn,
a shearc, a mhilse.


8


Árd maorga mar chrann pailme tú,
do chíocha mar chrobhaing.
9
“Suas an phailm liom,” arsa mise;
“béarfaidh mé greim ar a géaga.”
Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,
boladh úll ar d’anáil.






10
Togha fíona do phóga
ag dul go blasta síos an scornach
trí bheola agus fiacla.
Ise
11
Le mo ghrá-sa mise,
agus mise a mhiansan.
12
Tar liom, a ghrá,
amach ar na bánta.
Codlóimid i measc bláthanna coifir.


13








Más geata í,
daingneoimid le clár céadrais í.


Ise


10
Is balla mé
agus mo chíocha mar thúir air,
Ach leis an bhfear siúd
tá mo shíocháin déanta.


Deartháireacha



Bhí fíonghort ag Solamh
i bpobal líonmhar.
Chuir sé an fíonghort ar cíos,
míle bonn ón duine ar a thoradh.


Eisean
Sin é an fíonghort domsa:
seo dhuit do mhíle bonn,


a Sholaimh, agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta.


13
Tusa sa ghort
– tá na cairde ag éisteacht –
cluinim do ghuth.
Ise
14
Rith chugam, a ghrá mar eilit,
nó mar oisín na bhfia,
ar chnoic chumhra.





Comments are closed.