This is a reel i put together on Tuesday for the Comhaltas branch in Cill na Martra who are running the Cork County Fleadh in Baile Mhuirne. They are putting the program together at the moment and this will be in it somewhere along with a lot of interesting stuff. The Fleadh will be the second weekend of May. Go n'eirí leo. Laichtín is the local patron of Cill na Martra. Ríl Laichtín
| March 14, 2013 | Posted by peadar under Ceol dem' chuid /My music, Scóir cheoil / Musical scores, Uncategorized |
Comments off
|
This is a reel i put together on Tuesday for the Comhaltas branch in Cill na Martra who are running the Cork County Fleadh in Baile Mhuirne. They are putting the program together at the moment and this will be in it somewhere along with a lot of interesting stuff. The Fleadh will be the second weekend of May. Go n'eirí leo. Laichtín is the local patron of Cill na Martra. Tiarnán Ó Duinnchinn
| March 11, 2013 | Posted by peadar under Siopa, Uncategorized |
Comments off
|
Tiarnán Ó Duinnchinn
Tiarnán started playing the uilleann pipes when he was around nine years of age, so he has more than served his 21 year apprenticeship. He was attending whistle classes in The Armagh Pipers Club when he was moved into the Uilleann pipes classes. (For reasons of misdemeanor or boredom!! Who knows !!. Fate perhaps.) After some years with Brian, Tiarnán was then moved into Mark Donnelly’s class in the Armagh Pipers Club. Tiarnán is indebted to both for their time, patience and generosity with their music. Sadly Mark passed away tragically in 1998. Tiarnán was a member of a ceili band in Dundalk, Ceoltóirí Óga Oirghiall. He has been touring and performing on a regular basis since 1995. His music has taken him to Europe, United States, Canada, Japan, Africa, New Zealand and Australia.
Thosaigh Tiarnán ag seinm ar na piobaí nuair a bhi sé 9 mbliain d’aois. (Tá an tréimhse foghlama ar labhair Séamas Ennis fá dtaobh dó curtha de.) Bhí Tiarnán ag freastal ar ranganna fideoga nuair a cuireadh isteach sa rang phíobaireachta é. (as siocair é ag amaidí nó é a bheith díomhaoin: ní fios. Ba chor ina chinnúint é, cibé!) Thug Brian Vallely seit phíobai de chuid Robbie Hughes do Thiarnán.I ndiaidh cúpla bliain a chaitheamh le Brian bhí Mark Donnelly, nach maireann, mar mhúinteoir ag Tiarnán sa chlub. Tá sé go mór fé chomaoin acu beirt as a gcuid ama, a gcuid ceoil, agus a gcuid gcarthanacht ceoil a roinnt air go fial.Bhí Tiarnán mar bhall ar bhanna ceoil i nDún Dealgan ar feadh seal, darbh ainm Ceoltóirí Óga Oirghiall, grúpa a bhain cuid mhór ag na comórtaisí “Slógadh” ‘sna hochtóidí. Tá Tiarnán ag taisteal lena chuid ceoil go rialta ó bhí 1995 ann. I measc na n-áiteanna a thug sé cuairt orthu tá : An Eoraip, Stáit Aontaithe Meirceá, Ceanada, An tSeapáin, An Afraic, An Nua-Shéalainn agus an Astráil.
Máire Ní Cheocháin
| March 11, 2013 | Posted by peadar under Siopa, Uncategorized |
Comments off
|
“Cú Cú-ín”
Máire Ní Cheócháin

Rugadh agus tógadh Máire Ní Cheocháin ar an Múirneach Beag i gCúil Aodha. Timire Gaoluinne agus bailitheóir Béaloideasa dob ea a h-athair Domhnal Ó Ceocháin. Dob’ ó Ros Ó gCairbre eiseann agus bo de mhuintir Oileán Bhéarra a máthair Caitlín Ní Arrachtáin.
Comharasa béal dorais ‘bea Domhnal Bán, Síle agus Muintir Chéilleachair. Cé gurb í an t-aon duine clainne do bhí ag na Ceochánaigh, is gairid go raibh aithine dá chur aice ar réimse leathan daoine trí saothar a h-athair agus trí chomhluadar na háite. Bhí a h-ainm in aired mar amhránaí faoin am gur shrois sí na déagaibh déanacha agus thosnaigh bailitheóirí ar nós Alan Lomax agus Seamus Ennis ag glaoch chuiche. Bhíodh sí ar láimh ag a leithídí Finín na Leamhna (Fionán Mac Coluim) agus iad ag tabhairt léachtanna is cainnteanna i dtaobh traidisiún amhránaôchta na ngaeil ar Raidéó Éireann. Ní h-ionadh an dúchas gaolach do bheith go smior innte. Tá saoghal fada saibhir caite aice imeasc lucht sean nóis agus gaoluinne ó shoin agus is í an chéad Saoi Sean-nóis de chuid Acadamh Fódhal í.
Mar a aireoigh an t-éisteoir, tá cruinneas focal, soiléireacht fogharaíochta ar aon dul le ceolmhaireacht agus aiclíocht gutha aice mar a bhíonn i stíl Mhúscraighe Uí Fhloinn. Thug Dia guth binn di ‘na theannta san agus tugann na tréithe san in aontacht, taispeántas amhránaíochta taithneamhach, dúchasach, il-dána dhúinn.
Is mar scoláire agus múinteoir is mó atá sí ag freastal ar lucht sean-nóis na laetheanta seo tar éis di bliannta do chaitheamh ag moltóireacht ar chomórtaisí ar fuaid na tire. Tá sí de shíor mar chrann taca agamsa im chuid oibre féin agus féadfaigh mé a mhaoimh go neamhbhalabh, gan í ní bheadh an t-Acadamh ina bhfuil sí mar bhall bunaithe, ar aon láithir inniu.
Tá a cuid ama agus fuinneamh tabhartha aice go fiall d’ógánaigh na tire agus iad i mbun taighde agus saothar tionnscanaimh. Tá sí igcónaí ag freastal ar chúis na gaoluinne ach go h-áirithe tímpeall ar Chorcaigh agus Cúige Mumhan. Do bhuaigh sí Bonn Óir an Oireachtais i leith sean-nóis i 1951 agus ó shoin níl na bliannta tar éis aon chosc do chuir ar a cuid amhránaíochta, buíochas le Dia.
Ní féidir labhairt ar thraidisiúin Mhúscraighe gan í chuir i mbarra an liosta de phíomh dhaoine an chultúir áirithe san.
Cháiligh sí mar choguiseoir tar ís scoile dhi ar Scoil Náisiúnta Chúil Aodha agus Clochar Lughaidh, Muimhneachán. Dheidh sí i mbun oibre ar dtúis i Móinteach Mílic, ar an gCoireán agus ansan bhunaigh sí a siopa cogaisíochta féin i mBaile an Chollaigh. Sráid Bhaile bheag ar imeall Chathair Chorcaighe dob’ ea Baile an Cholaigh an uair sin. Is an a bhuail sí le Kevin Ó Crualaoi. Búistéir le gnóth béal dorais di ab ea eiseann agus is gairid gur thiteadar i ngrádh agus phósadar. Cúigear clainne a bhí orthu – Siún, Mícheál, Criostóir, Gobnait agus Muireann D’fhás a gcuid gnóthaí go fairsing do réir mar d’fhás an tsráid bhaile. D’fhan Marín ag poiticéaireacht go dtí 1993 tráth ar eirigh sí as chun aire do thairt dá céile Kevin a caileadh 1996. Ach i rith an ama san ar fad, bhí sí ag freastal ar Chonradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagraíochtaí eile culturtha mar aon le gluiaiseachtaí forbartha i gceantar Bhaile an Chollaigh féin.
Tá sí i mbun staidéir an tsean nóis i gcónaí agus pé am saor a bhíonn aice caitheann sí é ar a baile beag saoire ar Oilean Inis Uí Drisceoil mar a bhíonn sí ag snámh is ag bádóireacht an bhliain ar fad.
Máire Ní Chéilleachair
| March 11, 2013 | Posted by peadar under Siopa, Uncategorized |
Comments off
|
“Guth ar fán”.

Máire Ní Chéilleachair
mnich@eircom.net

Is as an bhFearann i gCo Chorcaí do Mháire agus is as Cill na Martra i Múscraí dá muintir. Dob í Máire céad stiúrthóir “Aisling Gheal” – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – agus tá blianta caite aici i
mbun ranganna amhránaíochta do aos óg Mhúscraí. Is ball í de Acadamh Fódha i Múscraí.Tá mórán duaiseanna bainte amach aici ag comórtaisí sean-nóis an Oireachtais le blianta anuas agus is minic í páirteach i bhféilte ceoil agus amhránaíochta ar fud na tíre agus thar lear sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe .
CD dá cuid amhrán as Béarla agus as Gaeilge –
“Guth ar fán”.
Ceardlanna
Is minic Máire i mbun ceardlanna amhránaíochta do dhéagoirí agus do dhaoine fásta ar fud na tíre as Gaeilge nó as Béarla , cuir i gcás ag Fleadhanna ceoil, ag Féile Amhránaíochta Chorcaí, ag féile Masters of Tradition i mBeanntraí, ag féile ceoil i Tocane sa Fhrainc srl.
Coirmeacha ceoil
Is minic í ag amhránaíocht chomh maith ag féilte éagsúla, cuir i gcás ag Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha, ag féile amhránaíochta Inis Eoghain 2010, ag féile Masters of Tradition i mBeanntraí 2008, 2009, agus 2010, ag Comóradh an Mháistir i gCorca Dhuibhne 2010, ag Cork International Choral Festival 2008, 2009,2010,srl.
Raidió agus Teilifís
Bíonn Máire le cloisteáil ag amhránaíocht go minic ar Raidió na Gaeltachta.
Glacann sí páirt i gcláracha éagsúla ar TG4, cuir i gcás Amhráin is Ansa Liom, Abair Amhrán, Geantraí srl..

Déan Nasc / Get Connected!