Bronnadh Gradam an Oireachtais le RnaG 2014 ar Sheán O Liatháin as ucht a chuid soathair saoghail ar son an Náisiúin Gaelach.
Chaitheas é chur i aithne don tslua agus seo mar a dheineas:
A cháirde, na páirte, ‘s a chomhluadar chluthar, clúmhail.
Tá cúram curtha chughamsa cruthú le cruinn chúntas
Feabhas fir fhlathúil, fíor, fionntach, fearúil fuimhneamhail,
Arna bhfuil fonn ar chraoltóir na gaoluinne, aitheantas d’fholúin.
Sé siúd Seán séanmhar, suailce, saibhir seoigh Uí Liatháin
Súgraíon sé, seinnean sé, sléachtan sé don Slánaitheóir.
Seánann sé sotalacht, saint, slímireacht is sodar ar thóir slógh
Seisean an sár fhear shocair suimiúil, seascar, suanmhar, sódhach
Ráinníon do ranna do rá go raisiúil, reachtmhar rithimiúil.
Ritheann rás an reachmais ar rian, rathmhar a róid
Ruaigeann sé éadóchas i ráitibh, righin taithneamhach
Réalt é imeasc rannpháirtithe ruaríochta is dea-cheoil
Bille de chlann filiúil sin Cornies Uí Liatháin
Gur mó amhrán aerach acu ceaptha, go mairfigh a gcáil
Is ar an dtaobh eile nách cúis mórtais is aitheantais a rá
Gurb uncail leis an Tuamach, Peaití Thaidhg Pheig, ceolmhar árd.
Tá éachtanna aige déanta ar son an Náisiún Gaelach is a chás
É flathúil ar gach ocáid ag tacú le gach seis bhinneas stáir
Nach mithid anois dúinne é d’aithint ‘measc laochra ár ndáil
Seo cúis bronnta ort ag an Raidéó ar an gcraobh is an t-ócáid
Go mairir a Johnny, faoi scáth aoibhinn Ghobnatan is Abáin
Ie sliocht sleachta ar do shliochtaibh is chomhluadar is dáimh
Is le Noirín bhinn Uí Laoighre de shliocht Dhuiníneach na ndán
Do chéile chaoin cheannamhail, geannamhail gan smáll
Glaom ort anois a Sheáin Uí Liatháin, buail cos ar an stáitse
Go bronam ort, blúirín gloinne ór-ghreannta ealíona, áluinn
Is árdógham bualadh boss duit is gáir géimneach le móráil
A thaispeanfaigh ár meas ort, ár dtaitneamh, is ár ngrádh.
Omós do Johnny Ó Liatháin
| November 10, 2014 | Posted by peadar under Scríbhneoireacht / Writing |
Comments off
|
Cuire chun Ceoil 7/11/2014
| November 7, 2014 | Posted by peadar under Clár raidió / Radio show |
Comments off
|
Archive tapes Oireachtas 1950 & Tommie Potts anocht/2nite. also 2 cd nua/new. Comortas anocht Phil Clarke 2nd competitor in the 2014 Sean O Riada Gold Medal comp 2nite. RnaG 19:00-21:00 or online as per links below.Cuire chun ceoil Forums, Competition, archives etc.
Logs for 753 here
Cláracha 4 seachtaine ansa thíos agus craoladh beo. 4 weeks prgs and live broadcasting here
Prog. available online RnaG here. RnaG/RTE eolas agus archives faoin gclár/info and archives re prog.
Amhráin ó Iorrus
| October 27, 2014 | Posted by peadar under Siopa, Uncategorized |
Comments off
|
Amhráin ó Iorrus
Taifead nua de bhailiúcháin cáiliúil amhráin is seanachas ó Iorrus, Co Mhuigheó. Leannai agus múinteoiri is ceoltóiri ón gceanntar atá taréis an obair fónnta seo a chuir le chéile.
Traditional music enthusiasts in north Mayo are reviving a collection of sean nós songs by Erris singers, recorded, and later transcribed and saved, by Séamus Ó Duilearga of the Irish Folklore Commission in May 1939 in Chicago, 75 years ago.
The Irish Folklore Commission, was group in charge of collecting the traditions and custom of Gaeltacht areas full and part-time collectors,and field-workers recorded the stories and songs which enabled a vast amount of folklore to be amassed over the decades. Séamus Ó Duilearga was one of the original people tasked in collecting documenting irish traditions in Gaeltacht areas attention on the oral traditions enshrined in the Irish language. the commission was born out of visitors to the Gaeltachtaí to learn or improve their knowledge of the Irish language, and collected folklore as part of that exercise. The collection and the study of folklore was long established in countries such as Sweden, Finland , Estonia and Germany and became the practice of the highly successful Irish Folklore Commission, between 1935- 1971
To mark the 75th anniversary of the recording, young singers from Doohoma will perform on the Ceol agus Fáilte show on Mid West
Cuire chun Ceoil 17/10/2014
| October 24, 2014 | Posted by peadar under Clár raidió / Radio show |
Comments off
|
Comortas anocht 1ad iomathoir=Anton Zille ó Moscow. 1st competitor in the 2014 Sean O Riada Gold Medal comp 2nite is Anton Zille from Moscow. RnaG 19:00-21:00 or online as per links below.Cuire chun ceoil Forums, Competition, archives etc.
Logs for 752 here
Cláracha 4 seachtaine ansa thíos agus craoladh beo. 4 weeks prgs and live broadcasting here
Prog. available online RnaG here. RnaG/RTE eolas agus archives faoin gclár/info and archives re prog.









Déan Nasc / Get Connected!