Aisling Gheal

 An Bóthar ó Thuaidh


IMG_4136

 

Price: 15.00


 

Tá na hamhráin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo á múineadh i gceantar Mhúscraí mar pháirt de scéim Aisling Gheal. Amhráin de chuid na háite féin is ea a bhformhór mór, na hamhráin chéanna a bhíodh á múineadh do thuismitheoirí agus do sheantuismitheoirí na bpáistí atá á bhfoghlaim faoi láthair. Is mó tuismitheoir atá tar éis a rá linn go bhfuil na seanamhráin á dtabhairt chun cuimhne acu ó bheith ag éisteacht lena bpáistí á gcanadh, ahus is mó páiste a mbíonn ionas orthu a fháil amach go bhfuil focail na n-amhrán ar eolas ag Daidí agus Mamaí chomh maith! 

Tá stór amhrán an-leathan i Muscraí, mar sin roinneamar na ranganna i dtrí, chuid agus phiocamar leathdhosaen amhrán a bheadh oiriúnach do gach cuid acu sin. Chuireamar Amhrán na bhFiann san áireamh chomh maith, mar nár acu sin. Chuireamar Amhrán na bhFiann san áireamh chomh maith, mar nár mhiste é a bheith ar eolas ag cách. 

Comments are closed.