Aifreann Domhnach Cásga (english version at end)
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 10:34, 37-43). D’itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ó mhairbh. Ina chomhthéacs i nGníomthartha na nAspal tá an sliocht seo mar chuid den chur síos ar an áit a bhí ag Peadar agus an Eaglais óg in Iarúsailéim le creideamh Chriost a thabhhairt do na pagánaigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bhí aisling ag Cóirnéilias, taoiseach céad na Róimhe, pagánach cráifeach, á rá leis glaoch ar Pheadar le eolas an tslánaithe a thabhairt dó. Bhí an glaoch bheith ina aspal dona pagánaigh faighte ag Pól cheana féin, ach ní raibh sé i mbun saothair fós. Thug Peadar an t-aitheasc sa léacht seo agus chreid Cóirnéilias agus a theaghlach agus tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iarúsailéim, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Chóirnéilias agus a theaghlach atá i sliocht seo an lae inniu. Is dócha gur sampla é de chéad-sheanmóireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoiscéil di.Thosaigh an cur síos le baiste Eoin Baiste, ungadh Chríost ansin leis an Spiorad Naomh, agus na miorúiltí a rinne sé dá bharr, beatha phoiblí Chríost, agus na hAspail mar fhínnéithe ar sin; céasadh agus bás Chríost agus a aiséirí, agus an fhianaise gur aiséirigh sé dáiríre á thaispeáint féin dá lucht leanúna, agus mar ar ordaigh sé dá dheisceabail an soiscéal a craobhscaoileadh. Seanmóirí den eaglais óg cosúil leis an ceann seo a thug an creatlach do na Soiscéil a cuireadh le chéile níos déanaí, ag tosú le seanmóireacht Eoin Bhaiste agus ag críochnú le aiséirí Chríost. Bun agus barr na seanmóireachta go léir in aon aois ná an glaoch chun aithrí.
SALM LE FREAGRA. Sm 117
Freagra : Is é seo an lá a rinne an Tiarna:
biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra : Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá:
'Maireann a ghrá de shíor.' Freagra
2. D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan:
is í a dheaslámh a d'ardaigh me.
Ni éagfaidh me-mairfidh mé
agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é. Freagra
Dara Léacht (Colosaigh 3:1-4). Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost. Roghnaíodh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil sé feiliúnach do Dhomhnach na Cásca, an lá ina bhfuilimid ag ceiliúradh aiséirí Chríost agus a fhilleadh faoi ghlóir go dheaslámh an Athar, áit a bhfuil sé de shíor ag guí ar son na hEaglaise, agus ar ár son go léir le go mbeadh toradh ar a bhás agus a aiséirí. Tá Críostaithe aontaithe le Críost sa bhaisteadh, agus mar adeir an léacht seo aontaithe leis ar neamh. Ní léacht ghinearálta gan téagar atá anseo. Tamall gearr roimhe seo scríobh Pól (Colosaigh 2:6-7): “Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa mar Thiarna, tugaigí bhúr saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar múineadh daoibh é”. Agus ní rud teibí an creideamh seo i gCríost ar dheis Dé. Tá Íosa ann fós ag craobhscaoileadh a shoiscéíl agus ag múineadh conas ár saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna véarsaí a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in éineacht le Críost ar neamh deirtear linn an “taobh saolta”, na hainmhianta, a bhású. Agus mar shampla ar sin áirítear ceithre chinn de nósanna gnéasacha, agus moltar liosta de shuáilcí le cleactadh. Ionann creideamh i gCríost ar dheis Dé agus conas ár mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d'úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D'aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia.
Alleluia, Alleluia, Ó Alleluia. Críost aiseirithe, Alleluia. Críost aiseirithe, Alleluia.
AN SOISCÉAL Eoin 20:1-9
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
As béarla:
First reading |
---|
Acts 10:34,37-43 © |
'We have eaten and drunk with him after his resurrection'
Responsorial Psalm |
---|
Psalm 117(118):1-2,16-17,22-23 © |
Second reading |
---|
Colossians 3:1-4 © |
Look for the things that are in heaven, where Christ is
Sequence |
---|
Victimae Paschali Laudes
Gospel Acclamation | 1Cor5:7-8 |
---|
Gospel | John 20:1-9 © |
---|
Déan Nasc / Get Connected!