Home » Scríbhneoireacht / Writing » Omós do Johnny Ó Liatháin

Omós do Johnny Ó Liatháin

Bronnadh Gradam an Oireachtais le RnaG 2014 ar Sheán O Liatháin as ucht a chuid soathair saoghail ar son an Náisiúin Gaelach.

Chaitheas é chur i aithne don tslua agus seo mar a dheineas:

 

A cháirde, na páirte, ‘s a chomhluadar chluthar, clúmhail.

Tá cúram curtha chughamsa cruthú le cruinn chúntas

Feabhas fir fhlathúil, fíor, fionntach, fearúil fuimhneamhail,

Arna bhfuil fonn ar chraoltóir na gaoluinne, aitheantas d’fholúin.

 

Sé siúd Seán séanmhar, suailce, saibhir seoigh Uí Liatháin

Súgraíon sé, seinnean sé, sléachtan sé don Slánaitheóir.

Seánann sé sotalacht, saint, slímireacht is sodar ar thóir slógh

Seisean an sár fhear shocair suimiúil, seascar, suanmhar, sódhach

 

 

Ráinníon do ranna do rá go raisiúil, reachtmhar rithimiúil.

Ritheann rás an reachmais ar rian, rathmhar a róid

Ruaigeann sé éadóchas i ráitibh, righin taithneamhach

Réalt é imeasc rannpháirtithe ruaríochta is dea-cheoil

 

Bille de chlann filiúil sin Cornies Uí Liatháin

Gur mó amhrán aerach acu ceaptha, go mairfigh a gcáil

Is ar an dtaobh eile nách cúis mórtais is aitheantais a rá

Gurb uncail leis an Tuamach, Peaití Thaidhg Pheig, ceolmhar árd.

 

Tá éachtanna aige déanta ar son an Náisiún Gaelach is a chás

É flathúil ar gach ocáid ag tacú le gach seis bhinneas stáir

Nach mithid anois dúinne é d’aithint ‘measc laochra ár ndáil

Seo cúis bronnta ort ag an Raidéó ar an gcraobh is an t-ócáid

 

 

Go mairir a Johnny, faoi scáth aoibhinn Ghobnatan is Abáin

Ie sliocht sleachta ar do shliochtaibh is chomhluadar is dáimh

Is le Noirín bhinn Uí Laoighre de shliocht Dhuiníneach na ndán

Do chéile chaoin cheannamhail, geannamhail gan smáll

 

Glaom ort anois a Sheáin Uí Liatháin, buail cos ar an stáitse

Go bronam ort, blúirín gloinne ór-ghreannta ealíona, áluinn

Is árdógham bualadh boss duit is gáir géimneach le móráil

A thaispeanfaigh ár meas ort, ár dtaitneamh, is ár ngrádh.

 

Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.