Johnny

Seán (Johnny) Ó Liatháin  

Price: 17.00


Rugadh agus tógadh Seán ar Bhaile Mhic Íre, Contae Chorcaighe.


Uileadh ina mhúinteóir é ach taréis seal beag múinteóireachta sa Bhárnain agus i mBaile Mhuirne, bhunaigh sé monarcan pailéadaí ar Chluan Droichead.  Is mó gnóth idir láimhibh aige ó shoin le Óstán na Páirce Baile an Róistigh ina measc.  Bíon sé igcónai ag tacú le ócáidí gaoltachta agus gaoluinne ar nós an Oireachtas na Gaeilge agus Comórtas Peile na Gaeltachta.  Is maith an aithne atá ar ag lucht spóirt an chontae.  Ach is sásta ar fad é féin nuair a bhíonn i mbun cúpla amhrán do rá agus i gcuideachtain a chlann is a mhuintir féin.


Alt san Examiner


Nótaí Clúdaigh:


An Crúiscín Lán


 


Seán (Johnny) Ó Liatháin



Tiomnaithe i gcuimnhne ar Dhómhnal Ó Liatháin


All proceeds to Macroom Hospital


Diosca 1 (Amhráin i nGaeilge)



  1. Na Géanna                

  2. Na Cleaganna

  3. An Gamhain Geal Bán 


  4. An Puirtín

  5. Baile Mhuirne

  6. Mo Ghille Mear

  7. Amhrán Phaid Bhuí    

  8. An Staimpí

  9. Abha an tSuláin   

  10. Máthair mo chéile

  11. Máirín de Barra

  12. Botháinin Íseal gan fáltas

  13. Bímís ag Ól

  14. An Cruiscín Lán

  15. Turas go Tír na nÓg


 


Diosca 2 (Amhráin i mBéarla)



  1. My Inse Geimhleagh Lass

  2. Baile Mhuirne near the Town of Sweet Macroom

  3. Mary Jane

  4. My Lovely Irish Maid  

  5. My Pup came home from Claodach

  6. Portar

  7. The Poitín 

  8. The Trip to Gugán

  9. My Six Foot Seven Inches Woman.

  10. An Poc ar Buille (in English)


 


Credits


Amhránaí/Singer Seán (Johnny) Ó Liatháin


Taifideadh is léiriú Peadar Ó Riada www.peadaroriada.ie


Máistriú/Mastering: Brian Nammock


Dearadh/Design: Edel Bulter


Clódhbhuailte ag/Printed by Dutec


P + C 2017


 


PORCD 023


Nóta Pearsanta Ó Sheán.


Ba mhaith liom an dlúthdhiosca seo a thiomna i gcuimhne ar mo dhreatháir agus cara dílis Dónal, Beannacht Dé leis,


Murach an tathant agus brúgh a chuir Peadar orm ní bheadh an gnóth so déanta.  Céad míle buíochas leis.  Bhaineas ana thaithneamh as bheith ag obair leis.


Buíochas ó chroí leis do mo bhean chéile iontach áluinn Nóirín, ár n’iníon Eibhlín, a fear chéile Aidan agus a gceathrar clainne. 


Mo bhuíochas chomh maith dom chlann agus m’Uncail Peáití agus m’Uncail John agus a bhean grámhar Molly.  B’uatha siúd a fuaireas a lán des na h-amhráin atá ar an dtéap seo.  I n’Iothlain Dé go rabhadar.


I would like to dedicate this cd to my dear brother and wonderful friend Donal R.I.P. I would like to sincerely thank Peadar for encouraging and, I’d admit, persuading me to undertake this recording. It was an absolute pleasure working with him.


I would like to thank my best friend and wife Nóirín and our daughter Eibhlín, and her Harty family husband Aidan and wonderful grand children Aaron, Dara, Danny and Annalise.


Thanks also to Muintir Liatháin, to Peaití Thaidhgh Pheig and John and Molly from whom many of the songs emanated.


 


Eolas teicniúil /Technical information.


D’úsáideas dhá Micrófón de chuid Rhode NT1-A chun an taifead do dheineamh le córas Protools mar ar déanadh an eagarthóireacht leis. Tá clós-iata éin, láimh leis an leabharlann agus ní dhúnfaid a ngob ach an amhránnaíocht in iomaíocht leis an Liathánach faid a bhi sé sa tig. Gaibh mo leithscéál faoin a bhfuaim siúd sa chúlra. Is duine dem’ dlúth cháirde é Johnny agus b’é seo ceann des na feachtaisí taifid is mó comhluadar, gliondar agus gáirí agam le fada an lá. Tá súil agam roinnt den aoibhneas sinn do roinnt leatsa leis, a éisteóir.


I used 2 Rhode NT1-A microphones onto Protools to record and mix. We recorded in an Draighean and a menagery of birds there refused to remain silent when singing was taking place. I apologise for their intrusion. Johnny is one of my closest friends and these recording sessions were accompanied with much companionship, delight and laughter. I can only wish that some of these traits invade your time with these recordings.


Peadar Ó Riada


Seán Ó Liatháin (1949 -)


Rugadh agus tógadh Seán Ó Liatháin i mBaile Mhuirne i ngaeltacht Mhúscraighe.   Tá an cruthaoítheacht agus an amhránnaíocht go smior ón dá thaobh dá dhúchais. Uncail leis ab ea Peaití Thadhg Pheig ó Tuama, ó thaobh a mháthar de agus ba col ceathrar é a athair, John leis na dreatháracha Uí Liatháin (na Corneys), ós na Cipeacha, go bhfuil a gcáil mar cumadóirí amhráin is rabhacháin forleathan gí go ndeirtear gurb í an driofúr Bina, an file ab fhearr díobh go léir.


Tar éis a scolaíocht ar Scoil Náisiúnta Bhaile Mhuirne agus Coláiste Íosagáin, do h-oileadh ina mhuinteoir é i gColáiste Phádraig, Drom Condrach.   Tar éis cúpla blian ag múineadh sa Bhlárnain agus i mBaile Mhuirne, thosnaigh sé féin, agus fear ó Chill Chainnigh, Tommy de Buitléar, gnóth déanta pailéadaí adhmaid sa bhlian 1979. Tá fás agus borradh tagaithe ar gnóthaí Sheáin le leithéidí Óstán an RochestownPark agus áiríotar é imeasc fir gnótha mhóra Chorcaighe.


Tá sé mar bhall de Chór Cúil Aodha ós na seascaidí i leith. Tá sé mar chaptaén ar Chór Bhaile Mhuirne. Ghlac sé páirt i gcomórtaisí an Oireachtais go minic agus tá mar chrann taca láidir don bhféile seo le bliannta fada anuas.   B’é féin agus a dhlúth chara, Diarmúidín, an bheirt amhránaí sa bhuíon Ceoltóirí Laighean. Tá sé pósta le Nóirín Ní Laoighre ó Ghort na gCros - duine de Mhuintir Dhuinnín Ó Dhoire Chuilinn, a máthair siúd. Tá a n-iníon Eibhlín Gobnait pósta le Ciarraíoch de Mhuintir Harty agus iad ag tógaint gasra gar-leannaibhe.


 


Johnny Ó Liatháin was born and reared in Baile Mhuirne in the Múscraí Gaeltacht. He inherited his creativity and singing ability from both of his parents’ families. The famous Sean Nós singer and raconteur Peaití Thadhg Pheig Ó Tuama, was his maternal uncle and his father, John, was a first cousin to the famous song smiths, the Lehane brothers (the Corneys), from the Cipeacha, who’s songs have travelled all over the country.  Though it is said that their sister, Bina, was by far the better poet in the family.


Having finished his schooling in Baile Mhuirne National School and Coláiste Íosagáin he went on to train as a teacher in Coláiste Phádraig, Dromcondra.  He then spent some years teaching in both Blarney and subsequently, in Baile Mhuirne. In 1979 he started a pallet making business with Tommy Butler from Kilkenny.  His businesses thrived and grew in range and nowadays include such enterprises as the RochestownPark Hotel. He is recognized as one of Cork’s foremost business men today.


He is a member of Cór Cúil Aodh since the 1960’s. He is the leader of the Baile Mhuirne Choir.  He has taken part in many Oireachtas Competitions and is a stalwart of support to that national festival always.  His close friend , Diarmuid Ó Suilleabháin, and he, were the singers with the group Ceoltóirí Laighean.   He is married to Noirín Ní Laoighre from Gort na gCross – her mother was a member of the Ó Duinnín family from Doire an Chuilinn.  Their daughter Eibhlín Gobnait is married to a Kerryman of the Harty family and they are rearing a fine family of grandchildren to follow Johnny and Nóirín. 


Peadar Ó Riada 2017


Atheasc ag fáiltiú Sheáin chun stáitse ar ócáid bronnta Gradam an Oireachtais air i gCill Áirne 2013


A cháirde, na páirte, ‘s a chomhluadar chluthar, clúmhail.


Tá cúram curtha chughamsa cruthú le cruinn chúntas


Feabhas fir fhlathúil, fíor, fionntach, fearúil, fuimhneamhail,


Arna bhfuil fonn ar Chraoltóir na Gaoluinne, aitheantas d’fholúin.


 


‘Sé siúd Seán séanmhar, suailce, saibhir, seoigh Uí Liatháin


Súgraíon sé, seinnean sé, sléachtan sé don Slánaitheóir.


Seánann sé sotalacht, sainnt, slímireacht is sodar ar thóir slógh


Seisean an sár-fhear shocair, suimiúil, seascar, suanmhar, sódhach


 


Ráinníon do ranna do rá go rábach, reachtmhar, rithimiúil.


Ritheann rás an reachmais ar dian rian, is rathmhar é a róid


Ruaigeann sé éadóchas i ráitribh, righin, raisiúil


Réalt é imeasc rannairí ruaríochta is dea-cheoil


 


Bille é de chlann filiúil sin Cornies Uí Liatháin


Gur mó amhrán aerach acu ceaptha, go mairfigh a gcáil


Is ar an dtaobh eile nách cúis mórtais is aitheantais a rá


Gurb uncail leis an Tuamach, Peaití Thaidhg Pheig, ceolmhar, árd.


 


Tá éachtanna aige déanta ar son an Náisiún Gaelach is a cás


É flathúil ar gach ocáid ag tacú le gach séis bhinneas stáir


Nach mithid anois dúinne é d’aithint ‘measc laochra ár ndáil


Seo cúis bronnta ag an Raidéó air, a gCraobh is an t-ócáid


 


 


Go mairir a Johnny, faoi scáth aoibhinn Ghobnatan is Abáin


Ie sliocht sleachta ar do shliochtaibh le chomhluadar is dáimh


Is le Noirín bhinn Uí Laoighre de shliocht Dhuinníneach na ndán


Do chéile chaoin, cheannamhail, geannamhail, gan smáll


 


Glaom ort anois a Sheáin Uí Liatháin, buail cos ar an stáitse


Go bronam ort, blúirín gloinne, ealíona, ór-ghreannta, áluinn


Is árdógham bualadh boss duit ‘gus gáir grástúil móráil


A thaispeanfaigh ár meas ort, ár dtaitneamh, is ár ngrádh.


(P. Ó Riada 2013)


Diosca 1


Na Géanna


D’ob é Seán Ó Riada a thug an t’amhrán so dom. Leagan Cáit Ní Mhuineacháin at ann.


Chanas é do Chomórtas na bhFear ag an Oireachtas in mBleá Cliath in 1971 agus bhuas an Corn. Fuireas na trí bhéarsaí breise ó Bess Cronin.


Na Cleaganna.


Tá an t-amhrán seo cúmtha ag George Curtain, agus seo leannas cúlra an scéal agus an cúis a cumtha. Do chuaidh Seán Ó Murchudha as Lios- Caragáin go Ceann Tuirc mar seo lá, agus do cheannaigh sé pheidhre cleaganna. Do bhí an file, George Curtain ag scoraíocht i dtig Uí Mhurchú an oíche sin, maraon le triúr nú ceathrar eile des na cómharsain. Bhíodar a’féachaint ar na cleaganna, agus do mhol duine éigin acu do Sheán, jig a rinnce leis na cleaganna, agus tar-eis roinnt tathanta, do dhein sé amhlaidh, bíodh as go raibh na bróga nua ró throm, le rinnce ionta. Do chum George an t-amhrán an oidhche sin, oscionn céad bliain ó shoin.


An Gamhain Geal Bán.


Seo h’iad na focail a úsáid Gobnait Ní Chrualaí ar an CD An Móinfhéar Garbh.


D’úsáideas fonn Peatí Thaigh Pheig, atá ana cosúil le leagan Eilís Uí Shúilleabháin.


Ní fios, cé a chum an t-amhrán seo ach tá sé dá cannadh ar fuaid Mhúscraí, leis na cianta.


Bhí sé ar thaifead ag Seán de hÓra ó Chlochar na nDuibhneach ach is fonn difriúil a bhí aige siúd. Bhailígh Séamus Ennis ó Bhess Cronin Bhaile Mhuirne é i 1947 agus is sin bun leagan na bhfocal ansa. Fuair sí siúd a leagan ó Sheán Ó Muirithe na Rátha, Bhaile Mhúirne. Tá taifead de Pheaití ag iomaíocht sa Mhansion House ag Oireachtas sna caogadaí luatha agus ann cannan sé amhrán a thosnaíonn “Ar maidin Dé Luain is mé ag macnamh” ach isdocha gur amhrán difirúil é ón nGamhain Geal Bán/ Do mhúinn Peadar Ó Riada é sin do Iarla Ó Lionáird timpeal 1973. Ach dhein Peadar meascán mícheart agus é ag ríomh is ag scaga ó téipeannaíbh a athar de Pheaití agus Bess.


Pé cumadh é, is maith an t-amhrán é agus seo é mo leagan-sa inniu.


An Puirtín.


Do chúgham Diarmuid Ó Tuama, an Scrithin ar Chúil Aodha, an t-amharán seo. Ní raibh Diarmuid ach cúig mbliana déag, nuair a chugham. Bhí sé a’crucadh móna sa portach nuair a rith na focail chuige. Do bíodh clár radio ar siúl an uair sin (1950) agus do chuir Diarmuid an t-amhrán nua-chumta chúcha, agus fé ceann cupla lá do bhí sé le clos ar an aer, Martin Dempsey dá cannadh, agus Gerard Victory a thionnlacan. Aon ghuiní amhain a fuair Diarmuid, mar chúiteamh ar a shaothar. Níos déanaí, do fuair an t-amhrán an céad duais i gcomórtas filíochta Seán Uí Ríordain, a reachtáil Bárdas Chorcaí, agus níos deanaí airís do chan Seán Ó Sé an t-amhrán, le tionlacan Sheán Uí Riada, agus Ceoltóirí Chualainn sa blian 1960.


Baile Mhúirne


B’é an tOllamh Donnchadh Ó Laoghaire a chúm an t-amhrán seo. Rugadh agus tógadh Donnchadh ar an nDoire Chuilinn, i gCúil Aodha. Tá saibhreas a chuid Gaeilge le cloisint i ngach líne den amhrán breá seo. Dála an scéil, is é Donnchadh Ó Laoghaire a roghnaigh an Captaén Francis O Neill le cur mar phríomh phictiúr, agus dea shampla píobaireachta, laistig de chlúdach a leabhar cáiliúil 1001 Gems of Irish Music.   


Mo Ghille, M’Fhear


Is meascán de thrí amhrán éagsuil atá sa leagan seo, atá mar shéad-amhrán ag Muintir Mhúscraighe ó 1971 i leith. Is amhlaigh a chuardaigh Peadar é lá torraimhe a athar agus fuair an rithim agus fonn ó seana thaifead de chuid Sheáin Uí Riada déanta de lá caite aige i gcuideachtain Muirt Ó Sé agus Domhnall Ó Buachalla. Ní raibh sa taifead ach an céad bhéarsa agus curfá agus gan ach fonn an churfá leo araon. D’fhuadaigh Peadar breis focail ó amhrán eile le Seán Clárach Mac Domhnail faoin dteideal Mo Ghille Mear. Bhí cuimhne aige ar a athair dá sheinnt mar mháirseáil sa bhaile agus mar sin bhí an fonn don bhéarsa nó ‘casadh’ i láthair. Chabhraigh Dónal Ó Liatháin an bhliain dar gcionn le breis bhéarsaí d’aimsiú ionas go bhfuil an leagan atá inniu againn ina bheathaigh. Is d’fhonn an Cór do choimead le chéile mar ghárda cosanta culturtha an cheantair, taréis bháis Sheáin Uí Riada, ‘sea thosnaigh Peadar ar seo leis na fearaibh.


Amhrán Phead Bhuí.


File abea Pead Buí Ó Loinsigh a rugadh ar Cúil Dhomhnaill, Gort le hÁrd, agus d’éág ar an nDoire Leathan ar Chúil Aodha. Ó Bhaile Mhuirne ab ea a shinnsear. (Loinsigh agus Cruadhlaoich) Thosnaigh sé ag cumadh filíochta agus é an-óg. Sár cheolteoir dob ea é agus sheinneadh sé an fheadóg mhór agus na píobaí uilinn. Ina theannta san deirtear go raibh cumas ann chun daoine agus ainmhithe a leigheas lena ordóig - tinneas fiacaile agus a lán eile gearánta. Fear mór óil a bhí ann agus deirtí go mbfhearr leis taoscán dí ná airgead a fháil mar chúiteamh ar a shaothar. Ní nách ionadh, thairring san droch mheas ón gcléir air agus bhídís de shíor ag iarraidh é a chuir ar bhóthar a leasa. Ní gá a rá nár réitigh so go maith le Pead, agus cuireann sé síos, san amhrán seo, a thuairimí i dtaobh na cléire, idir shagairt agus bráithre, fiú go Pápa na Róimhe.


Chúm Pead Buí roinnt eile amhrán atá ar eolas go forleathan, ina measc, An Cailín Aerach agus Trucail Pheige Bhreátha. Leagan don amhrán a tháinig ó Bess Cronin atá anso.


An Staimpí


Seo amhrán eile a bhionn againn i gCór Cúil Aodha. D’fhoghluimíomar é ó Sheán Ó Riada do chomórtas Claiscidil an Oireachtais sna seascadaí déanacha. Chanas fein agus Diarmuidin é le Ceoltoiri Laighean.


Abha’ an tSuláin


Seo amhrán do chúm Gaedhal na nGaedhal nó Pádraig Ó Crualaoi ó Bhaile Mhuirne. Rugadh eiseann ag an Muileann agus tógadh é i dtig a mhuintire ar an Doirín Aluinn. Mac ab ea é leis and Táiliúir Chrodhail. Chaith sé a shaoghal mar thailiúr i MaghCromtha ag maireachtaint in uimhir a 6 agus a 9 ar Shráid an Chaisleáin. Bhí sé lárnach in’ ath-bhuanú Dáimh Scoil Mhúscraighe Uí Fhloinn. Freagra is ea an amhrán seo ar dán a bhí cumtha roimis sin ah Domhnall Ó Laoighre ó Inse Geimhleach – amhrán nách raibh ar fad cruinn ó thaobh eolas áitiuil i leith an tSuláin.


Máthair mo Chéile


Fuaireas an t-amhrán seo ó Éamon de Buitléar nuair a bhíos féin agus Diarmuidin, Beannacht De leis, ag canadh leis an buíon Ceoltóirí Laighean.


Máirín de Barra


D’fhoghluimíos e seo ó Mholly Peatsí Ní Chuill tráth ós na Millini, Cúil Aodha, a bhí pósta le


m’uncail John Tadhg Pheig Ó Tuama, dearthár le Peaití Thaigh Pheig.


Bothaínín Íseal gan Fálthas


D’fhoghluimíos é seo ó m’uncail Peaití. Dob é Dónal Ó Luasa, nú ‘The Poet of Lios Buí’ mar a glaoidhtí air, a chum an t-amhrán seo, nuair a dibríodh seana-bhean des na comharsain, amach ar an aoileach, as a tigín beag féin. Dob’ í bean céille a mic a chaith amach í agus toisg gan aon teideal dlightiúil a bheith aici. Do thóg na comharsan bothán beag di ar thaobh a’ bhóthair, mar ar mhair sí go dtí gur cailleadh í. Tá an láthair inar tógadh an bothán seo don tseanna- bhean, i gCnocán a’ bhóthair, leath-slí idir Lios Buí Mor agus Lios Buí Beag, i gCill na Martra.


Bímís ag Ól


D’fhoghluimíos é seo le Cór Chúil Aodha. Dónal Ó Liatháin, Beannacht Dé leis, a chugham – bunaithe ar rócán a bhí ag leads sa chór.   Chanas féin é mar amhrán Nua Dhéanta ag an Oireachtas i mBleá Cliath i 1971 agus fuaireas an Corn.


An Crúiscín Lán


D’Fhoghluimíos an t-amhrán seo le Cór Chúil Aodha tímpeall 1968. Is ana-mhinic go mbíonn sé seo mar mo “Party Piece”. Canaim an leagan Gaoluinn agus Béarla gach ruith bhéarsa de ghnáth.


Turas go Tír na nÓg


Seo amhráinín deas a fuireas ó Mholly Peatsaí, céile m’uncail John. Do scríobh an t-Athair Tomás Mac Liam síos an fonn so i Mainistir Fhearmuighe, ón Athair Séamus de Róiste, a chaith a óige imeasc na ndaoine fá’n dtuaith. Ní raibh ainm an fhuinn aige ná na focail, ach chomh beag.


Diosca 2 (Amhráin i mBéarla)


My Inse Geimhleagh Lass.


Harold Delaney composed this song.  He was a Fenian and was on the run.  Whilst at mass in Inse Geimhleach the church was surrounded by soldiers and Yeomen.  Máire Ní Raghallaigh who was a very good friend of his was with him and she exchanged her cloths with him.  Thus clad he managed to escape and made his way hastily to Queenstown where he took passage to America.  He composed this song in eternal gratitude to his friend Máirín Rua.


Baile Mhuirne  near the town of sweet Macroom


Dr. Lynch mentioned frequently in this song was the famous Dochtúir Ó Loinsigh which this Ionad is now named after.


Mary Jane


John and Molly often sang this song as a duet.  We had many wonderful singing sessions with them in their house and my home and many other places


My Lovely Irish Maid


Fuaireas é seo ó Molly leis.  Mollie who was married to my uncle John Twomey (John Tadhg Pheig)


she had a beautiful sweet melodious voice.


My Pup came home from Claedeach


Michéal Ó Tuama nú George Curtin mar a thugadh sé ar féin ó Bhaile Mhúirne a chúm an t-amhrán seo.  Bhí slua bailithe ar scoraíocht i dtigh agus iad ag trácht ar choileán a dhein a shlí abhaile ó Chlaedeach. Cé go raibh cuma ar George go raibh sé ina chodhladh, d’eirigh sé aniar amach san oiche agus dúirt sé an t-amhrán seo a bhí díreach cúmtha aige ina cheann. Amhrán Macarónach é seo go bhfuil  leath gach bhéarsa i nGaeluinn agus i mBéarla. I measc na n-amhrán eile a chúm George tá An Gandal, The Man that Came Home From Pretoria, agus Na Cleaganna.


This humorous song was composed  by  Micheál Ó Tuama,  or George Curtin as he was better known, while ostensibly asleep on a settle in a neighbour’s house,  during which time a discussion was taking place about the remarkable return from Claedeach of a pup.


The Portar


This was my uncle John’s favourite song and we often sang it together as a parting song after a good session.


The Poitín


Steven Horgan form Cúil na Cupóg sang this song for Ciarán Mac Mathúna in a house in Kilgarvan in 1955.  He said that it was composed by Tom O’Sullivan, a cooper by trade.


Trip to Gougane


I first heard Johnny Cronin, the wonderful singer from Inse Geimhleach, singing this account of a trip that the boys from the Cross, (Cill na Martra) made annually to Gugán Barra. Seán Ó Riada was often heard to sing this song which he got from his mother Julia Creedon from Cill na Martra.


My Six Foot Seven Inches Woman


I learned this funny song from my cousin Ned Morgan McSweeney from Cill na Martra.


When I was a teenager I used to go around collecting fat pigs for my brother Dónal (Beannacht Dé leo beirt)


An Poc ar Buille, (As Béarla)


Do b’iad Seán Ó Riada, Seán Ó Croinín, agus Peáití a chum an t-amhrán seo, i dtábhairne an Mhuillin, ins na seascadaí, nuair a bhí an crann mór á thógaint  ar Mhullach an Ois. Tá draíocht éigin a baint leis an mbailléid seo, nách feadir a mhíniú d’éinne nár airig é. Tá sé aerach gealgháireach  tá se meidhreach, agus gealchroidheach. Tá sé scléipiúil, agus spleódarach. Is gnáthach go gcanntar gach aon tarna bhéarsa den leagan Gaoluinne, agus Bearla, i ndhiaidh a chéille.


Seán Ó Riada, Seán Ó Cróinín and Peáití composed this ditty as a piece of fun in the Mills bar during the sixties.  The Irish version had become popular after Ó Riada had published it with Seán Ó Sé and Ceoltóirí Chualan. There are many references in it that relate to events and people that joined their company such as William O’Brien and son on, including a dig at Ó Riada about a cheque, or lack thereof, from RTE.


Seán Ó Liatháin 2017

Comments are closed.